skip to main content

Dialann Chiara: Peig 2.0

Seanbhean is ea mise anois go bhfuil cos léi insan uaigh is an chos eile ar a bruach.

Tuigim do chás, a Pheig. Cos amháin liom fhéin tá sí in Philadelphia, agus an chos eile in Éirinn.

Bhraith mé sin ar bhealach ó tháinig mé anseo, ach mhéadaigh sé an mhí, agus mé ag tabhairt aghaidh ar an mbaile. Ní hamháin i mo smaointe agus mo chuid pleananna a bhí mo dháta fágála, ach i mo thimpeall, agus mé ag siopadóireacht d’fheicfinn táirgí a mhairfidh níos faide i Meiriceá ná mé fhéin. Ó sea, bíonn a fhios agat go bhfuil dáta ar leith ag druidim leat nuair a fheiceann tú scríofa ar an mbainne é. Táim nach mór ann!

Anois tá an tEarrach tagthaí, agus bíonn gach séasúr éagsúil óna chéile anseo. Faoi láthair tá an aimsir geal, tá an teocht ag dul in airde, agus táim breá sásta go bhfuil deireadh leis an sneachta.

Thug mé cuairt ar an Irish Arts Centre NYC ag tús na míosa d’Fhéile na Gaeilge. Bhí cur i láthair filíochta agus ceardlann le déanamh agam. D’fhreastal dream álainn ar an ócáid; agus thaisteal roinnt acu cúpla céad míle le bheith i láthair. Ardú meanma a bhí ann bualadh leo ar fad. Agus mar barr maise ar an scéal, bhí Liam Ó Maonlaí ar ardáin! Ceangal mar sin leis an mbaile níor bhraith mé le tamall, bhi sé draíochtúil mar lá.

Ciara agus Liam Ó Maonlaí

Táim críochnaithe ag múineadh anois, níl romham in Villanova ach na scrúduithe (agus an ceartúchán!). Táim an-bhródúil as na mic léinn. Ní raibh focal Gaeilge acu ag tús na bliana. Anois ní hamháin go bhfuil siad tar éis dul i dtaithí ar an teanga a chloisteáil, a labhairt, agus a scríobh; ach tá cur amach acu ar dhánta, amhráin, seanfhocail, scéalta, teilifís, scannáin, tae, agus bia na hÉireann. Beidh beirt ag freastal ar an nGaeltacht an samhradh seo go fiú! Bhí sé iontach iad a thabhairt ar an aistear, agus is cinnte go n-aireoidh mé uaim iad, agus an post.

Beidh mé ag fanacht anseo ar feadh cúpla seachtain eile le leas a bhaint as an am saor agus, tá súil agam, roinnt mhaith a scríobh.

Thaifead Ciara físeán MOLSCÉAL i rith na míosa freisin. Is féidir féachaint air anseo

Is féidir leat Ciara agus a heachtraí in Philadelphia a leanúint @miseciara ar Twitter.