Ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, labhair Karol Mac Gairbheith, ealaíontóir as Dún na nGall ar na deacrachtaí a bhí aige lena mheabhairshláinte agus an chaoi ar chabhraigh an filleadh ar Éirinn leis teacht as.
Ba in Londain a bhí Karol nuair a theip ar a mheabhairshláinte agus deir sé go raibh sé ag fulaingt ar feadh cúpla bliain sular tháinig sé abhaile, áit a fuair sé cabhair níos fearr, ina thuairim.
"Ní bhfuair mé mórán cuidiú agus níor shíl mé go raibh an oiread sin tuigbheáil ag an dochtúir fá dtaobh de an chuidiú a bheadh de dhíth orm. Bhris an sláinte síos agus tháinig mé 'na bhaile agus fuair mé cuidiú ar dóigh anseo"

Deir Karol gur thuig sé go raibh sé tinn nuair a d'aithin sé go raibh sé ina aonar cuid mhór
'ní raibh mé ag caitheamh mórán ama le daoine. Ag glasáil mé féin ar shiúl ó dhaoine agus gan a bheith amuigh ag sóisialú le daoine. Nuair a fhéachann Karol siar ar an dtréimhse sin, deir sé go raibh sé 'ag glacadh barraíocht oibre' air féin agus gur chothaigh sé sin 'cuid mhór struis'.
Ealaín agus aclaíocht a thug faoiseamh dó agus é ag fulaingt. Maidir leis an ealaín, deir sé go gcabhraíonn an ealaín leis maireachtáil sa saol san aimsir láithreach.
'Níl tú ag smaoitiú ar inné nó amárach, tá tú ag smaoineamh ar anois'
Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11.02 agus 12 meánlae.