skip to main content

Acadamh Gráiscínteachta na Gaeilge: 5 Sampla den Ghreann Garbh i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge

An té a dhéanfas spléachadh ar thraidisiún liteartha na Gaeilge ó bhí an chianaimsir ann, aithneoidh sé gan mórán moille nár leasc leis na Gaeil ariamh cur síos agus trácht go hoscailte ar an gcolainn agus gach a mbaineann léi.

I mbun spléachta dó, aithneoidh an té s’againne freisin go bhfuil an cur síos sin ar na ciútaí grinn is suntasaí agus is leitheadaí i dtraidisiún liteartha na Gaeilge freisin. Is é sin le rá, tá traidisiún fadbhunaithe den ghairbhe a bheith ina húdar grinn ag lucht fhoireann na litríochta Gaeilge.


Sa listicle seo a leanas, cuirim i láthair rogha de bhuaicphointí an traidisiúin sin. Glacaim le cás na ndaoine siúd a chuirfeas i mo leith nach bhfuil ar bun anseo agam cur i láthair scéalta salacha i nGaeilge ghlan. Ach maithfidh tú an peaca sin dom, a léitheora dhil, mar go dtuigeann tú gur ar son an Acadaimh atá mé. Agus ar aon chaoi, nach maith ann d’ábhar ar bith fad is go bhfuil an Ghaeilge glan? :-p

1  Táin Bó Cualinge: Croitheadh Caca Láiríne
Sa radharc seo as Táin Bó Cualinge, téann Cú Chulainn agus Láiríne i gcomhrac lena chéile. Faigheann Cú Chulainn an ceann is fearr ar Láiríne ach agraíonn deartháir Láiríne, Lugaid, ar Chú Chulainn gan Láiríne a mharú. De bharr gur cairde iad Cú Chulainn agus Lugaid, ligeann Cú Chúlainn a bheo le Láiríne ach ní mhaitheann Cú Chúlainn a easonóir dó. Mar sin, i leaba Láiríne a mharú mar gheall ar a easonóir, beartaíonn Cú Chulainn  go mbeidh smál fhonóideach ar oineach a chéile comhraic feasta. Mar sin de, croitheann Cú Chulainn Láiríne go dtiteann a chac as.

Bhuail Cú Chulainn a airm uile as lámha Láiríne mar a bhuailfeadh duine gléas imeartha as láimh páiste bhig. Mheil agus chuimil Cú Chulainn idir a lámha é, chúr agus cheangail, chas agus chroith sé é gur fháisc sé a chac uile as ionas gur thit bréancheo ar na ceithre hairde ina raibh sé. Chaith sé uaidh ansin é ó lár an átha fiarthrasna an longfoirt go doras phuball a dheartháir. Cibé scéal é, níor éirigh Láiríne riamh ina dhiaidh sin gan éagaoine, níor chaith bia gan phian agus ní raibh sé riamh as sin amach gan maoithe boilg is cúinge chléibh, gan galar goile agus gan gnóthaí amach go minic aige. Is é, áfach, an t-aon fhear a théarnaigh slán as comhrac le Cú Chulainn ar an Táin, cé gur lean iarsma an ghalair sin de agus gurbh é a thug a bhás dó ina dhiaidh sin.

Breandán Ó hEithir


2  Aidhedh Fherghusa: Feis Fheargusa mhic Róich le Bébhó
Sa radharc seo as Aidhedh Fherghusa, déantar cur síos lom ar an bhfeis a dhéanann duine de laochra móra na Rúraíochta, Feargus mac Róich, leis an mbanríon agus an leipreachán mná, Bébhó. Bean chéile an rí Iúdbhán is ea Bébhó agus is follasach gur cuma le hIubdán a bheith ina chocól ag Feargus arae tá comhrá bríomhar acu faoin ‘seal’ a chaith Feargus le Bébhó. (Mar eolas, is ionann dorn agus sé orlach. Tuigfidh an léitheoir cúis na gluaise sin ar ballín beag).

Chuaigh Iubdán amach ina dhiaidh sin agus d’fhág sé Bébhó istigh i bhfochair Fheargusa agus thug Feargus grá dímhór di agus rinne sé comhriachtain léi. Agus an uair a bhí Feargus ag comhriachtain léi chuir sé lámh ar mhullach a cinn agus d’fhiafraigh an bhanríon de cad chuige ar chuir sé lámh ar a baithis.
‘Is ionadh liom,’ ar sé, ‘an ball fearga ina bhfuil seacht ndorn agus gan ionatsa acht trí dorn gan a dhul trí cheann seachtair. Agus is uime sin a chuir mé mo láimh ar do cheann.’ 
‘Éirigh as!’ ar sí. ‘Is mór ní a suíonn leasrach mná’.
Tháinig Iubdán isteach chuig Feargus ina dhiaidh sin. 
‘Luigh mé le do bhean, a Iubdáin,’ ar Feargus. 
‘Ba mhaith léi sin,’ ar Iubdán. 
‘Luíos arís,’ ar Feargus. 
‘Ba mhaith leatsa sin,’ ar Iubdán. 
‘Luíos an tríú uair,’ ar Feargus
‘Ba mhaith libh araon sin’ ar Iubdán. 
‘Luíos an ceathrú uair,’ ar Feargus.
‘Mhuise, ní bheidh cac inti feasta,’ ar Iubdán.

Foilsíodh an scéal seo i gcéad imleabhar an mhórshaothair Silva Gadelica (1892), arna chur in eagar ag Standish Hayes O’Grady. Cé nach ndearna O’Grady cinsireacht ar bith ar an mbunábhar Gaeilge, d’fhág sé an píosa ar lár, agus gan aistriú dá réir sin, sa leagan Béarla, beart a bhain le nós an ama. Bhuel, seans nach fíor sin go hiomlán. D’fhéadfaí a rá gur thug O’Grady faoin bpíosa a aistriú ach i gcead do Phiúratánachas Victeoiriach na linne ba é an tiontú ab fhearr arbh fhéidir leis a chur de ná: 

…Thuigfeadh lucht an aistriúcháin dó, seans. Shamhlóinn nach furasta é bitheolaíocht sin na leipreachán a aistriú.
3  Eachtra Áodh Mhic Goireachtaidh: Eisfheartha Mhic Goireachtaidh

Scéal áibhéalach, áiféiseach, lán fantaisíochta is ea Eachtra Áodh Mhic Goireachtaidh, a scríobhadh thart ag tús na hochtú haoise déag (c. 1707-27). Dar ndóigh, eachtraítear ann seachrán an laoich Áodha. I mbun seachráin dó, baineann Áodh bruíon amach. Tugann teaghlach na bruíne lóistín dó agus cuirtear fearadh na fáilte roimhe. In imeacht an scéil ghairbh seo, áfach, ní hamháin go gcastar gruagaigh, arrachtaí, fathaigh, genies, taibhsí, agus moncaithe ar Áodh, ach tugann pearsana áirid sa scéal nithe agus dúile aisteacha chun beatha trí bhíthin an eisfheartha. I couldn’t make this up if I tried. I dtreo dheireadh an scéil, is cosúil go luífidh Áodh agus iníon fhear an tí le chéile. Ar thógáil a chois isteach sa leaba léi, cloiseann siad beirt teacht a hathar. Téann Aodh i bhfolach air, tagann an t-athair isteach, tagann gruagach isteach ina dhiaidh seisean, agus ansin tosaíonn ruaille buaille.

Leis sin thiontaigh an t-athair ar an ngruagach agus thug sé sciorradh cromaidh air agus labhair a ghúta agus bhuail sé an gruagach de bhroim i gceartlár an éadain; agus mar aon leis an mbroim, chuir sé monkey as ba mhó go mór ná buffalo.

Máirtín Ó Cadhain


4  Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain: Díbliú an Mháistir Mhóir
Cé gurb iomaí tuairisc adhmholtach a d’fhéadfaí a thabhairt ar Cré na Cille, is í ‘seoid chruthanta chrosántachta’ is fearr liomsa mar inseacht ar scéal máistriúil sin Uí Chadhain. Bhí sé maíte ar an gCadhnach go raibh sé marfach i gceachtar de dhá theanga oifigiúla na tíre seo, agus tá gangaid bharrúil na teangan céanna le sonrú ar bhéalaibh lucht na cille.
In Eadarlúid a Sé, míníonn Máirtín Crosach don Mháistir Mór go bhfuil anacair leapan th’éis titim ar Bhilleachaí an Phosta ós cionn talúna. Go bhfios do Mháirtín, bíonn bean an Mháistir Mhóir, an Mháistreás, ag tabhairt cuairte ar Bhilleachaí ar chúla téarmaí le cuidiú lena ‘bhisiú’. Ós go maith chuig a gcuid suimeanna é, tuigeann an Máistir Mór gurb ionann dó móide dó agus a ceathair agus ní mó ná sásta lena bheith ina chocól faoi thalamh atá sé. Ligeann an Máistir Mór scód lena theanga chun a mhíshásamh a scaoileadh agus guíonn sé (go healaíonta gangaideach) gach saghas galar goile is putóige ar Bhilleachaí.

Luí fada gan faoilte air! Seacht n-aicíd déag agus fiche na hÁirce air! Calcadh fíodáin agus stopainn air! Camroillig agus goile treasna air! An ceas naon air! An Bhuí Chonaill air! Pláigh Lasaras air! Eagnach Job air! Calar na muc air! Snadhm ar bundún air! Galra trua, bios brún, péarsalaí, sioráin, maotháin agus magag air! Glogar Chaoláin ní Olltáirr ann! Galraí sean-aoise na Caillí Béara air! Dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin! Tochas Bhantracht an Fháidh air! An Galra glúiníneach air! Deargadh tiaraí air! Gath dreancaidí air!

5  Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir: ‘Spout Fuail’ Bhíllin ar Úrlár Theach Chruinnithe an Leigiúin Mhuire

Sa sliocht seo as úrscéal clúiteach Uí hEithir, tugann phríomhphearsa an scéil, Máirtín Ó Méalóid, cuntas ar na hiarmhairtí a lean drabhlás a chomrádaí Billín Ó Gráda. Th’éis dó an dú-racán a thógáil le ragairne,tarraingíonn Bilín air féin fearg bhaill na hOllscoile i nGaillimh.

Ba é Bilín ó Gráda comrádaí lóistín agus ósta Mháirtín le deireanas agus cúpla mí roimhe sin, an oíche ar bhuaigh foireann an choláiste Corn Mhic Giobúin, bhí Ó Gráda ag searmanas sa gcoláiste agus a dhóthain ólta aige. Ag dul dó thar an seomra ina mbíodh a gcruinnithe ag an Léigiún chuala sé ag urnaí iad. Ní dhearna sé ach a bhall fearga a chur isteach trí bhosca litreach a bhí sa doras agus mar a dúirt sé féin, spout fuail a dhéanamh ar an urlár. Dá n-éigneodh sé a raibh istigh ní tharraingeodh an gníomh níos mó cainte. Bhí fiosrú iomlán oifigiúil ann, ach cé go raibh a fhios ag an gcoláiste fré chéile go mba é Ó Gráda ba chiontach ní raibh duine ar bith ar fáil a chonaic é. Chonaic cuid áirithe de na cailíní an gléasa as dtáinig an stealla ach mar a dúirt Ó Gráda féin,
 ‘Ní dream iad ar cheart dóibh bheith in ann mo cheannsa a aithneachtaíl thar ceann ar bith eile,’ agus dá bharr seo go léir b’éigean an scéal a ligean i ndearmad.