Labhair Eoghan Mc Dermott, láithreoir 2fm le Cormac Ó hEadhra ar Chormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na dúshláin a bhí le sárú aige lena mheabharshláinte agus an tslí ar tháinig sé astu.
Dúirt an láithreoir gur scar sé óna chailín ag an am, bhog sé go Londain agus nach raibh sé de chumas aige dul i ngleic leis na mothúcháin éagsúla a tháinig i mullach air dá réir.
Nuair a bhuail an tinneas seo Eoghan, dúirt sé gur bhain sé siar mar go raibh rudaí ag dul go maith dó ina shaol go nuige seo 'bhí gach rud go ginearálta go breá liomsa, bhí mo chlann ar fad sláintiúil, bhí post deas agam', a dúirt sé.

'Ní raibh aon rud deacair i mo shaol roimhe sin' agus nuair a tharla go raibh drocham tagtha chuige, ní raibh 'an fearas' aige, ina thuairim, leis an bpian a shárú.
Mar thoradh ar an bpian a mhothaigh sé a rinne Eoghan féindochar dó féin. Le scian agus le sciosúr, thosaigh Eoghan á ngearradh féin. 'Bhí an méid sin fuinneamh gránna orm agus ní raibh aon áit lena scaoileadh'. Thuig sé, áfach go raibh sé ag déanamh damáiste dó féin. Thóg sé 'an léim sin' agus labhair sé le cara leis, rud a thug sólás dó.
Ó shin i leith, déanann Eoghan iarracht choinsiasach aire a thabhairt dó féin. Bíonn sé ag léamh go tréan, ag cinntiú go bhfuil am ciúin aige dó féin agus sé go bhfuil na caidrimh ina shaol dearfach agus sláintiúil.
Is féidir dul i dteagmháil le Pieta House anseo.
Craoltar Cormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 4.30 agus 6 ón Luan go hAoine.