In agallamh inniu ar An Saol Ó Dheas, RTÉ Raidió na Gaeltachta, labhair Emma Mhic Mhathúna, máthair cúigear clainne agus duine de na mná ar tugadh torthaí míchruinn dóibh i ndiaidh tástáil ceirbheacs atá i gceist i bhfiosrúchán an HSE, le Helen Ní Shé faoina scéal.

San agallamh ar An Saol ó Dheas inniu, dúirt Emma go mbíodh sí ag fáil tástáil ceirbheacs déanta gach trí bliana ó rugadh a hiníon Natasha, 15, agus go raibh gach rud go breá go dtí go bhfuair sí torthaí na tástála i 2016. 

 "Ghlaoigh an banaltra orm agus dúirt sí liom tá rud éigin ag taispeáint ar an smear, caithfidh tú dhul isteach go dtí an ospidéal... Ar an 20 Meán Fómhair 2016 fuair mé biopsy déanta, ach dúirt an dochtúir liom díreach ag an am sin ní chaithfidh mé fanacht go dtí go dtagann sé ar ais tá ailse agat, caithfidh muid obair go tapaidh, tá mé tar éis ordú MRI duit.Sin Dé Céadaoin, fuair mé MRI ar an Luan agus dúirt an dochtúir go raibh Stage 2B cervical cancer agam.""Bhí mé ag rá liom fhéin, conas a tharla sé seo, go bhfuil sé chomh dona ... bhí an litir agam ó 2013 go raibh gach rud go breá."

Cuireadh cóir leighis ar Emma,37, ar as Baile Átha Cliath ó dhúchas di, in Ospidéal San Lúc san ardchathair, agus tháinig sí chun cónaí i gCorca Dhuibhne 6 mhí ó shin.Tá sí anois faoi chúram Ospideál na hOllscoile i gCorcaigh. 

 "Gach 4 mhí bíonn cruinniú agam san ospidéal le seiceáil go bhfuil gach rud ceart go leor.Ar an 4 Aibreán bhí mé ann, bhí na leaids go léir liom mar tá cluiche againn nuair a fhaighim amach go bhfuil an All Clear agam, ceannaím helium balloon sa siopa i gCorcaigh agus bíonn cóisir beag againn.Nuair atá ailse agaibh sa tigh, bíonn na leanaí i gcónaí ag smaoineamhan bhfuil gach rud ceart go leor..."

Cé go raibh gach rud i gceart ag an scrúdú i mí Aibreáin, mhínigh Emma do Helen nach raibh sí ar fónamh le tamaillín anuas, agus go bhfuil sí an-imníoch faoi anois.

"Ar 15 Aibreán i mbliana, sin coicís ó shin, bhí’s agam go raibh rud éigin mícheart le mo chorp arís.Chuaigh mé chuig an dochtúir agus dúirt sé go raibh rud éigin níos mó ná 1 cm ann … Bhíos ag an ospidéal an tseachtain seo caite, agus chuaigh mé ar ais inné chun biopsy a dhéanamh.Tá gach rud suas san aer anois.Tá Séamus ag déanamh cóineartú Dé Máirt seo chugainn, agus táim ana-bhuartha faoi gach rud, só chuir mé ceist ar an séipéal agus an scoil an féidir leo Mario a dhéanamh chomh maith.Tá sé i Rang 4.Tá sé go maith domsa an bheirt acu a bheith le chéile. Bhí na héadaí nua ceannaithe agam ar aon nós."

Emma Mhic Mhathúna

Ansin, Dé Domhnaigh seo caite, fuair Emma glaoch óna dochtúir i mBaile Átha Cliath, nach raibh aon choinne aici leis.

"Dé Domhnaigh seo caite bhíos ag tiomáint ó Bhaile na nGall go Ceann Trá agus tháinig uimhir nach bhfuil fhios agam aníos ar an nguthán.Tháinig an dochtúir a bhí agam i mBÁC ar an nguthán.Dúirt sé liom tá súil agam go bhfuil tú ag léamh an scéal seo faoi Cervical Check. Níl na páipéir go léir anseo agam, ach tá tusa ar duine acu.Dúirt mé leis an féidir leat glaoch ar Chorcaigh agus abair leo caithfidh siad aire a thabhairt dom."Labhair sí leis an dochtúir arís ó shin, agus fuair sí breis eolais faoin scéal.

"An scéal a dúirt sé liom ná an smear test a bhí agam i 2013 bhí sé mícheart … bhí an chéad chéim den ailse agam ansin nuair a bhí na cells ag athrú sa chorp.""Más rud é go bhfuaireasan scrúdú ceart ní bheadh mise san áit ina bhfuil mé anois … Bhí kidney infection agam i mí Eanáir, tá lung infection agam anois.Tá mo shaol … níl mé ró-bhuartha faoi mo shaol, ach na leanaí tá siad an an-óg.Tá sé dochreidte gur tharla sé seo. " 

Dúirt Emma gur baineadh siar aisti nuair a fuair sí an scéal Dé Domhnaigh, agus nach bhfuil sí tagtha chuici fhéin go fóill.

"Tá coinne agam le mo dhochtúir inniu mar tá mo cheann ag dul timpeall, tá sé cosúil le droch-bhrionglóid.Tá mé fós ag dul timpeall mar sin, an bhfuil sé seo fíor?I 2004 fuaireas cnag ar an doras le rá liom go raibh mo mháthair marbh.Bhí sé dochreidte, bhí sí 44.Bhíos 23 agus i m’aonar ag an am sin.Tá sé cosúil leis sin.Tá mé ag fanacht go dtí go n-osclóidh mé mo shúile agus tá mé ar ais i mo leaba agus níl sé seo fíor."

Mar a tharla sé, anuraidh bhí Emma lárnach i gceann de na físeáin a rinne an HSE don vacsaín HPV do chailíní óga dar teideal ‘I’m relieved that she is protected’. 

"Ní raibh go leor daoine ag dul ar aghaidh chun an HPV vaccine a fháil.Tar éis mise ag dul tríd an ailse ... caithfidh mé seasamh suas agus tabhair cabhair do dhaoine.Tá an físeán ar Youtube – sin mise agus m’iníon."

Bhí Emma Mhic Mhathúna faoi agallamh Dé Máirt ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a chraoltar idir 12.08- 1.00, Luan go hAoine.