Anocht ar 10 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh Cian Ó Cíobháin ag ceiliúradh 19 bliain ar an aer lena chlár An Taobh Tuathail.

Ón mbliain 1999 ar aghaidh, tá Ó Cíobháin ag obair ar chlár a chuimsíonn ceol ailtéarnach ó thimpeall na cruinne. Tá cáil bainte amach ó earnáil an cheoil ag Cian ó shin i leith agus an clár ag dul ó neart go neart. 

Gach bliain, tá nós ag Cian clár speisialta a chur le chéile leis an gclár a chomóradh agus i mbliana, is ar dhordlínte a bheidh sé ag díriú:

"Tá rúndiamhair ag baint leis an dordlíne i gceol… braitheann tú é ag preabadh istigh i do chliabhrach agus tá cumhacht faoi leith ag baint leis ar chúis éigin.Is cuimhin liom go leor oícheanta mar sin, ar an urlár damhsa ag raves i mBrixton, Shasana, nó an chéad uair gur chuala mé Mount Kimbie i nGaillimh go gairid tar éis dá gcéad albam a theacht amach.Bhí mé faoi dhraíocht agus faoi smacht ag an dord."

Eisean an Fear Ceoil: Cian Ó Cíobháin, láithreoir An Taobh Tuathail

Is féidir leat éisteacht siar le cláracha An Taobh Tuathail anseo.

Craoltar An Taobh Tuathail 22:00 - 00:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.