Ar chlár RTÉ Raidió na Gaeltachta, Bláthnaid Libh, pléadh cás Vicky Phelan agus an t-eolas anois atá tagtha amach maidir le tástáil ailse i muineál na broinne.
Labhair Hannah Ní Bhaoill, Niamh Ní Thuama agus Méabh Ní Fhallúin faoina dtaithí féin leis na tastálacha seo agus a dtuairimí anois ar scéal Vicky Phelan agus na mná eile a tugadh na torthaí míchearta dóibh agus nár cuireadh ar an eolas iad.
Dúirt Bláthnaid go bhfuil sé de nós ag pobal na hÉireann muinín a bheith acu i gcóras sláinte na hÉireann mar 'go gcreideann tú go bhfuil 'fhios acu níos fearr'. Ach bhí Hannah in amhras faoin muinín sin:
"Níl 'fhios agam fá mhisneach, an bhfuil mórán misnigh ag daoine sa chóras sláinte go ginearálta. Tá go leor scéalta cloiste agam féin, daoine a ligeadh síos thar na mblianta."

Tá sí go fóill den tuairim go bhfuil 'fiúntas fianta' ag baint leis an tastáil, má tá sé déanta 'mar is ceart.'
Labhair Méabh Ní Fhallúin, taighdeoir i bpolasaí i sláinte poiblí faoi thuairimí an phobail "nár caitheadh leo go hoscailte, go hionraic agus go tuisceanach".
Shoiléirigh Méabh go ndéantar botúin ina leithéid de thastálacha: "Tá méid áirithe earráid míchruinneas sna tastálacha seo, go pointe, tá sé dosheachanta; sin an chúis go bhfuil sé an-tábhachtach go dtarlaíonn na hathbhreithnithe sin. Níl 'fhios agam cén céatadán ach bhéifí ag súil i dtástáil ar bith go mbeidh méid áirithe míchruinneas ann".
Deir sí áfach, go léiríonn cás Vicky Phelan agus na mná eile nár tugadh eolas cruinn dóibh faoina dtorthaí an 'cleachtas cosanta' atá i réim sa tír seo.
Is féidir glaoch ar 1800 45 45 55 le tuilleadh eolais a fháil ar na tastálacha seo.
Craoltar Bláthnaid Libh idir 11 agus meánlae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Shathairn.