skip to main content

Kendrick Lamar agus tábhacht an Pulitzer

Labhair Rónán Mac Aodha Bhuí ar chlár Rónán Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an gceoltóir rap Oisín Mac ar Kendrick Lamar maidir leis an duais Pulitzer a bronnadh air le déanaí, an chéad cheoltóir nach ceoltóir clasaiceach nó snagcheoil a bhain an duais iomráiteach amach.

Deir Oisín Mac gur dul chun cinn é seo don rapcheol, cé nach raibh an t-aitheantas ag teastáil ó Khendrick féin toisc gurb é an rapcheoltóir is cáiliúla dá bhfuil ann i láthair na huaire, tá Oisín den tuairim go gcuireann an duais seo an rapcheol 'ar chomhchéim' leis an gceol clasaiceach, ar deireadh.

Oisín Mac agus Sinéad Ní Uallacháin ag Gradaim Cheoil Nós

Tá cosúlachtaí idir Lamar agus ceannródaithe an rapcheoil, leithéidí NWA agus Public Enemy mar go bpléann sé leis na dúshláin chomhaimseartha atá sa saol timpeall air, idir an fireannacht nimhneach agus an timpeallacht pholaitiúil. 

Deir Oisín go gceistíonn ceol Khendrick na meáin agus an tslí a gcuirtear cultúr an chine ghoirm os ár gcomhair.  Éiríonn leis a bheith polaitiúil agus ionraic, dar leis, rud a léiríonn go bhfuil 'meas aige ar an seanstíl' ach ar a bhealach comhaimseartha féin.

Craoltar Rónán Beo idir 2.30 agus 4.30 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.