Maítear go bhfuil dúshláin go leor roimh dhrámaíocht chomhaimseartha na Gaeilge, labhair muid le scríbhneoir, léiritheoir agus stiúrthóir, Baoite a thaispeánfar don chéad uair anocht, faoina bhfuil i gceist le dráma nua-scríofa Gaeilge a chur ar an ardán.
Luann Mac Con Iomaire gurb é ceann de na dúshláin is mó atá roimh dhrámaíocht na Gaeilge ná 'nach bhfuil dóthain coimsiúnaithe á dhéanamh'. Ta sé den tuairim go mbeidh an drámaíocht i nGaeilge 'faoi chois' go dtí go mbeidh leithéidí Amharclann na Mainistreach, An Taibhdhearc agus Project Arts ag déanamh coimsiúnaithe rialta ar dhrámaí Gaeilge.
'Ní leor dráma amháin ar nós Baoite, mórléiriú nua-choimisiúnaithe sa mbliain' le pobal a chothú don drámaíocht i nGaeilge dar le Mac Con Iomaire. Dá mbeadh seisear nó seachtar scríbhneoirí ag obair le amharclanna ar fud na tíre, bheadh an earnáil níos sláintiúla, dar leis.
Táimid ag obair i gcomhar leis @AnTaibhdhearc le premiere domhanda den dráma #Baoite a léiriú mar chuid den @GalwayIntArts #GIAF18 #OutOfTheAbbey – Ticéid agus eolas https://t.co/pUhmosxsNs pic.twitter.com/xOrFLkNPhG
— Abbey Theatre (@AbbeyTheatre) July 9, 2018
Ag trácht ar ábhar an scéil, deir Mac Con Iomaire gur scéal grá, daonna is ea Baoite ach go n-insítear é i gcomhthéacs agóid Shell Chun Sáile a tharla i gcontae Mhaigh Eo. Roghnaigh Mac Con Iomaire an téama seo mar go bhfuil suim aige i mbréaga agus suim sa duine a bhfuil cos ar bholg á dhéanamh air, freisin.
Ag trácht ar léiriú an dráma féin, deir Mac Con Iomaire go bhfuil 'dúshlán faoi leith' ag baint leis mar cé go mbreathnaíonn an seit simplí, sceitheann an seit seo go leor rún, de réir mar a théann an dráma ar aghaidh.
Beidh Baoite le feiceáil ar ardán Thaibhdhearc i nGaillimh ón lá inniu mar chuid de Fhéile Ealaíon na Gaillimhe.