skip to main content

Scrúdú cainte agus an té a bhfuil Gaeilge acu

Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh ar Bhláthnaid Libh, RTÉ Raidió na Gaeltachta le Muireann Ní Mhóráin agus Rob O’Connor faoi na deacrachtaí a bhaineann leis an scrúdú cainte don té a bhfuil Gaeilge ar a t(h)oil acu.

Luaigh Bláthnaid gur thug sí faoi deara ina taithí phearsanta féin nach gá go mbeadh Gaeilge labhartha ar ardchaighdeán chun marc réasúnta maith a fháil.

D'aontaigh Muireann léi agus dúirt sí "Ní dhéantar measúnú dáiríre ar chumas teanga na n-iarrathóirí" sa scrúdú seo a tógadh isteach sa bhliain 2012 don chéad uair. "Tógtar suas an-chuid den am ag insint scéil bunaithe ar shraith pictiúr réamhullmhaithe", a dúirt Muireann.

Dá réir, is féidir marcanna "an-arda a bhaint amach ach é a bheith foghlamtha de ghlan mheabhair"

Cé go raibh an t-ábhar Gaeilge faoi chaibidil ar an gclár, dúirt Muireann go mbaineann an fhoghlaim de ghlan mheabhair le cultúr na hArdteiste "tríd 's tríd", ní le Gaeilge amháin.

Bláthnaid Ní Chofaigh

Ach cad faoin té a bhfuil Gaeilge a t(h)oil acu? Deir Bláthnaid go mbaintear siar as tuismitheoirí le Gaeilge nuair a thagann a gcuid páistí abhaile ag labhairt Gaeilge nach n-aithníonn siad- an Ghaeilge inghlactha.

Mar gur scrúdú comónta atá ann, deir Muireann nach ndéantar idirdhealú idir gnáthleibhéal agus ardleibhéal, rud a chiallaíonn nach é caighdeán an chainteora dúchasaigh nó an cainteoir an-mhaith Gaeilge an sprioc le 100% a bhaint amach ach 'i bhfad, i bhfad níos ísle ná sin'.

D'ardaigh Bláthnaid na dúshláin maidir le córas nach n-aithníonn an bhearna idir daoine atá ag foghlaim Gaeilge ar scoil agus iad siúd a bhfuil an teanga in úsáid lasmuigh den timpeallacht foghlama.

"Cá bhfuil an t-aitheantas don duine a labhraíonn Gaeilge mura bhfeiceann an an córas go maireann tú, fiú?"

Ach, tá forbairtí ar na bacáin, a deir Muireann ar cheart dó feabhas a chur ar chúrsaí amach anseo:

"Tá daltaí na chéad bhliana reatha ag gabháil do chúrsa Gaeilge faoi leith ins na hiarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge thar an ceann atá ins na scoileanna Béarla"

Craoltar Bláthnaid Libh maidin Shatharn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11 agus meánlae.