Dé Máirt 1 Bealtaine, beidh Cian Ó Cíobháin ag ceiliúradh 19 bliain ar na aer don Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le clár speisialta dírithe ar na dordlínte is fearr i stair an cheoil.

Gach bliain, bíonn téama faoi leith ag an gclár don lá breithe, agus mar is iondúil i mbliana arís ba mhaith le Cian cuireadh a thabhairt do na héisteoirí a rogha siúd a chur isteach chuige le bheith san áireamh don chlár ar 1 Bealtaine.

"Tá rud éigin rúndiamhair faoin dordlíne i gceol… braitheann tú é ag preabadh istigh i do chliabhrach agus tá cumhacht faoi leith ag baint leis ar chúis éigin.Is cuimhin liom go leor oícheanta mar sin, ar an urlár damhsa ag raves i mBrixton, Shasana, nó an chéad uair gur chuala mé Mount Kimbie i nGaillimh go gairid tar éis dá gcéad albam a theacht amach.Bhí mé faoi dhraíocht agus faoi smacht ag an dord."

"Nuair atáim ag éisteacht le ceol i mo stiúideo sa bhaile, tá roinnt tiún a chasaim a chuireann na dlúthdhioscaí ag preabadh nuair a thagann an líne doird isteach… agus sin an cineál ceoil atá uaim do #ATT19 ar 1 Bealtaine."

Mar sin, má tá moltaí agat do Chian do #ATT19, bí i dteagmháil leis ar Twitter, ar Facebook, ar Spotify nó díreach seol rphost chuige att@rte.ie 

Craoltar An Taobh Tuathail 22:00 - 00:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.