Labhair Meghan Scully le Rónán Mac Aodha Bhuí ar Rónán Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina leabhar Broken Love a dhíríonn ar bhás a dearthár sa bhliain 2005 agus ansin a hathair sa bhliain 2006 agus cén chaoi ar tháinig sí as an mbrón.
D'inis sí do Rónán gur maraíodh a deartháir Marcus i dtimpiste bóthair ag ocht mbliana déag d'aois agus é ar a bhealach ar ais ó thraenáil rugbaí. Go gairid ina dhiaidh sin, d'éirigh a hathair tinn agus fuair sé bás sa bhliain 2006. Tá Meghan den tuairim go bhfuair sé bás mar go raibh sé croíbhriste faoi bhás a mhic.
Deir Meghan gur shíl sí go raibh uirthi a bheith 'láidir' dá máthair le linn na tréimhse agus nár lig sí don bhrón go dtí blianta ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sí ag scríobh síos a raibh ag tarlú di, rud a chabhraigh go mór léi, dár léi 'nuair a bhí sé ar an bpáipéar, bhí mé in ann é a fheiceáil'.

Ní go dtí 6 bliana i ndiaidh do bhásanna a hathar agus a dearthár a bhuail an brón Meghan mar is ceart agus dúirt sí gur shíl sí go raibh rud éigin mícheart léi go dtí go raibh comhairle cheart á fáil aici "cheap mé go raibh mé ag dul as mo mheabhair", a deir sí.
Agus Meghan san Ollscoil, bhí deis aici ábhar faoi leith a roghnú a d'oirfeadh di agus roghnaigh sí an dólás. Thosaigh sí ag léamh leabhar Helen Kubler Ross a thagraíonn don 5 chéim a bhaineann le dul i ngleic le bás. Chabhraigh an taighde seo le Meghan teacht as an mbrón trom a bhí uirthi chomh maith leis an chomhairle a fuair sí ó shíceolaí a bhí ar fáil di san Ollscoil.
D'éirigh le Meghan sonas a aimsiú arís ina saol agus cé go mbíonn droch-am aici ó am go chéile, tá feabhas tagtha uirthi le cúpla bliain anuas. "Gach lá nuair atá mé ag déanamh aon rud, bím ag smaoineamh ar Mharcus agus ar Dheaid"
D'iarr Rónán ar Mheghan comhairle a chur orthu siúd atá ag fulaingt le bás sa teaghlach nó a leithéid agus mhol sí caint, scríbhneoireacht agus díriú ar na rudaí dearfacha sa saol.
"Tosaigh ag scríobh, scríobh síos chuile rud; na rudaí brónacha ach ná déan dearmad faoi na rudaí deasa freisin."
Craoltar Rónán Beo Déardaoin agus Dé hAoine idir 2.30 agus 4.30 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.