skip to main content

'Fear iontach a bhí ann': Daniel O' Donnell ar Big Tom

Labhair Daniel O' Donnell le hÁine Ní Chuirreáin ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi bhás Big Tom agus faoin oidhreacht a d'fhág sé ina dhiaidh. Laoch de chuid Daniel ab ea Big Tom agus deir sé gur chaith sé go hálainn leis agus é ina cheoltóir óg.

Dúirt Daniel go raibh sé 'iontach buartha' faoi bhás Big Tom mar gur cairde iad le blianta fada. Cailleadh bean Big Tom, Rose i mí Eanáir agus deir Daniel go raibh sé ag smaoineamh futhu 'ag castáil le chéile sna flaithis'.

Ba in stiúideo Big Tom a thaifead Daniel a chéad cheirnín, My Donegal Shore in 1983. Dúirt sé gur chaith sé go hálainn leis, nuair ba é Big Tom an réalt mhór agus Daniel ag tosú amach i saol an cheoil.

"Fear iontach a bhí ann a bhí ina réalt mhór ar feadh a shaoil" arsa Daniel ar an amhránaí clúiteach as Baile na Lorgan.

Craoltar Barrscéalta 11:02 - 12:00 Luan-Aoine  ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.