Bonjour ó Pháras grianmhar!  Tá mé ag obair anseo le linn an earraigh seo.  Inniu, tá mé chun na trí shlí is soiléire chun airgead a chruthú de bhur ngnó a roinnt libh – is cuma cá háit ar an domhan a bhfuil sibh agus cibé cineál ghnó atá ar bun agaibh.  Ach ar dtús, lig dom iarraidh oraibh meabhrú air seo:

Cad a dhéanfá le saol ar do mhian féin a chur ar fáil duit féin?

Is eol dom go bhfuil lucht ghnó amuigh ansin ag obair uaireanta fiánta fada agus go fóill gan ioncaim fiúntach a shaothrú acu.  Agus sa deireadh thiar thall teipeann an gnó orthu de bharr an uafáis oibre seo.

Ach más duine de lucht ghnó thú a bhfuil comhlacht idir láimhe agat atá ábalta tuilleadh chliaint a tharraingt ort féin agus tuilleadh airgid a sholáthair duit féin, ón bhun aníos bheadh cuma i bhfad ní ba fhearr ar chúrsaí.  Bheifeá ansin ábalta tuilleadh airgid a chur ar fáil duit féin agus díriú isteach ar na rudaí a chuireann gliondar ort ar bun láithreach.

Is féidir liom ar an toirt tú a chur ar an eolas faoi mar gur féidir leat pá dochreidte a chur ar fáil duit féin agus fás a chur faoi do ghnó.  Ach ní leor duit eolas a bheith agat ar na rudaí seo. Caithfidh tú an obair a dhéanamh.

Agus seo na fíricí atá mar bhunús air seo.

Caithfidh tú a bheith soiléir faoin fáth a ndeachaighi mbun do ghnó i dtús ama.

Caithfidh tú tuiscint iomlán a bheith agat ar riachtanais do chuid chliaint.

Caithfidh tú soiléireacht a chruthú faoi mar a iarrfaidh tú ar chliaint ceannach uait.

Caption

Rinne mise cíbe a bhí le déanamh agam de bharr go raibh mo bheatha ag brath ar mo chumas chun airgead a dhéanamh ón ghnó a bhí ar bun agam.  An bhfuil seo mar an gcéanna duitse? Creid seo uaimse, is féidir leat go fíor-chinnte teip sa ghnó de bharr easpa airgid a sheachaint – ach caithfidh tú máistreacht a dhéanamh ar na trí fhíric seo. 

Agus ná bí imníoch, tá mé chun treoir agus na huirlisí a chur ar fáil duit ar gach aon cheann acu, ag tosú le mo chéad alt eile: Fíric #1 – An Fáth.

Go dtí sin, cuir teachtaireacht chugam lom láithreach le ceist ar bith atá agaibh agus thig libh de shaorthoil mo chuid eachtraíochta a leanúint ar @mngDonegal.

Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dún na nGall, le lucht ghnó iad féin a spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse. 

Déan nasc le Moira ar: www.moira.ie