Bonjour ó Pháras grianmhar! Tá mé ag obair anseo le linn an earraigh seo. Inniu, tá mé chun na trí shlí is soiléire chun airgead a chruthú de bhur ngnó a roinnt libh – is cuma cá háit ar an domhan a bhfuil sibh agus cibé cineál ghnó atá ar bun agaibh. Ach ar dtús, lig dom iarraidh oraibh meabhrú air seo:
Cad a dhéanfá le saol ar do mhian féin a chur ar fáil duit féin?
Is eol dom go bhfuil lucht ghnó amuigh ansin ag obair uaireanta fiánta fada agus go fóill gan ioncaim fiúntach a shaothrú acu. Agus sa deireadh thiar thall teipeann an gnó orthu de bharr an uafáis oibre seo.
Ach más duine de lucht ghnó thú a bhfuil comhlacht idir láimhe agat atá ábalta tuilleadh chliaint a tharraingt ort féin agus tuilleadh airgid a sholáthair duit féin, ón bhun aníos bheadh cuma i bhfad ní ba fhearr ar chúrsaí. Bheifeá ansin ábalta tuilleadh airgid a chur ar fáil duit féin agus díriú isteach ar na rudaí a chuireann gliondar ort ar bun láithreach.
Is féidir liom ar an toirt tú a chur ar an eolas faoi mar gur féidir leat pá dochreidte a chur ar fáil duit féin agus fás a chur faoi do ghnó. Ach ní leor duit eolas a bheith agat ar na rudaí seo. Caithfidh tú an obair a dhéanamh.
Agus seo na fíricí atá mar bhunús air seo.
Caithfidh tú a bheith soiléir faoin fáth a ndeachaigh tú i mbun do ghnó i dtús ama.
Caithfidh tú tuiscint iomlán a bheith agat ar riachtanais do chuid chliaint.
Caithfidh tú soiléireacht a chruthú faoi mar a iarrfaidh tú ar chliaint ceannach uait.

Rinne mise cíbe a bhí le déanamh agam de bharr go raibh mo bheatha ag brath ar mo chumas chun airgead a dhéanamh ón ghnó a bhí ar bun agam. An bhfuil seo mar an gcéanna duitse? Creid seo uaimse, is féidir leat go fíor-chinnte teip sa ghnó de bharr easpa airgid a sheachaint – ach caithfidh tú máistreacht a dhéanamh ar na trí fhíric seo.
Agus ná bí imníoch, tá mé chun treoir agus na huirlisí a chur ar fáil duit ar gach aon cheann acu, ag tosú le mo chéad alt eile: Fíric #1 – An Fáth.
Go dtí sin, cuir teachtaireacht chugam lom láithreach le ceist ar bith atá agaibh agus thig libh de shaorthoil mo chuid eachtraíochta a leanúint ar @mngDonegal.
Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dún na nGall, le lucht ghnó iad féin a spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse.
Déan nasc le Moira ar: www.moira.ie