skip to main content

Amhráin agus Cuimhní Cinn: Corn Uí Chon Cheanainn

Moltóirí agus buaiteoir an Choirn. Íomhá le Seán Ó Mainnín agus Tuairisc.ie
Moltóirí agus buaiteoir an Choirn. Íomhá le Seán Ó Mainnín agus Tuairisc.ie

Dé Sathairn seo, sa Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, déanfar ceiliúradh ar oidhreacht cheoil Chiarán Uí Chon Cheanainn nach maireann, le comórtas sean nós do mhic léinn ar an tríú leibhéal.

Le blianta beaga anuas, tá mic léinn ó institiúidí éagsúla ar an tríú leibhéal ag teacht le chéile le ceird an tsean nóis a chleachtadh i gcuimhne ar Chiarán Ó Con Cheanainn, amhránaí a thug leis sméar mullaigh an tsean nóis, Corn Uí Riada agus é 27 bliain d'aois.

Tá fáilte roimh chách ag an ócáid cheolmhar, thaitneamhach seo.

Is féidir leat imeachtaí an chomórtais a leanúint ar Facebook agus ar Twitter.