skip to main content

"Ceol is ea ceol": Amhrán nua Gaeilge ar 2fm!

Is é an t-amhrán Déan É atá i gceist ón ngrúpa Sruth na Maoile, a bhuaigh Amhrán na Bliana ag Gradaim NÓS i mí Eanáir. 

Mar dhuais, fuair an grúpa an deis an t-amhrán a thaifead as an nua i stiúideonna Raidió RTÉ.Ansin, rinne an léiritheoir ceoil aitheanta Ciarán Byrne athmháistriú ar an traic, agus anois beidh sé le cloisteáil ar fud na tíre ar sheinnliosta RTÉ 2FM. 

We need your consent to load this Facebook contentWe use Facebook to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Ba é an clár Bláthnaid Libh, le Bláthnaid Ní Chofaigh, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar pháirtí oifigiúil raidió do ghradam Amhrán na Bliana ag Gradaim NÓS. 

Dúirt Bláthnaid:

"Ceol is ea ceol, is cuma cén teanga, agus tá mé an-sásta go raibh Bláthnaid Libh in ann cúnamh a thabhairt don ghrúpa óg Sruth na Maoile i mbliana, Bliain na Gaeilge, chun a gcuid ceoil a chur amach ar ardán mór náisiúnta ar nós 2FM.Agus bhí sé iontach bheith in ann an t-amhrán a chasadh den chéad uair ar Bláthnaid Libh Dé Sathairn. "

Bláthnaid Ní Chofaigh

Dúirt Ceannasaí 2fm, Dan Healy,:"Tá 2FM tiomanta do cheol agus do cheoltóirí na tíre seo a chur chun cinn, agus is deis iontach atá anseo dúinn tacú le ceoltóirí atá ag obair i nGaeilge, agus tá muid thar a bheith sásta a bheith i gcomhpháirt le Bláthnaid Libh dó seo."

Sruth na Maoile

Coinnigí cluas amach dó!

Craoltar Bláthnaid Libh maidin Shathairn idir 11 agus meánlae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.