Labhair an comhairleoir saoil, Margaret Ní Fhearraigh le Rónán Mac Aodha Bhuí ar Rónán Beo, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin obair a dhéanann sí le daoine a chumasú lena saoil a fheabhsú agus faoin bhfear beag a choinníonn muid siar.
Deir Margaret go dtagann daoine chuici ag cuartú 'suaimhneas intinne' go príomha. Síleann siad go bhfuil 'achan rud ina mhess' agus go bhfuil siad streachailt le gach cuid den saol atá acu. Cuidíonn Margaret leis na daoine seo na fadhbanna a bhriseadh síos agus go minic níl deacracht acu ach in aon chuid amháin den saol atá ag cur isteach ar an dearcadh atá acu ar an saol iomlán.
Luaigh Margaret go bhfuil muid ag maireachtáil le 'fear beag' a sholáthraíonn na 'negative vibes', a cheistíonn gach a dhéanann muid agus a chuireann eagla orainn aon athrú a dhéanamh. Deir sí gur gá aithne a chur ar an bhfear beag seo mar ní chuirfear ruaig air ariamh ach gur féidir dul i ngleic leis:
"Caithfidh tú a bheith dearfach leat féin. Caithfidh tú spin dearfach a chur air agus sin an dóigh. Níl tú a choíche 'dhul a fháil réitithe dó agus gheobhaidh tú an bua air."
Thug Margaret 5 leid d'éisteoirí an chláir faoin mbealach a d'fhéadfaí an ceann is fearr a fháil ar an eagla a bhraitheann tú chun an sprioc atá agat a bhaint amach:
1. Scríobh síos an sprioc atá agat agus cuir spriocam réalaíoch leis.
2. Pleanáil agus ullmhaigh leis an aidhm a bhaint amach.
3. Cruthaigh agus cleachtaigh nósanna a bhfuil ceangail acu leis an aidhm
4. Cuir aithne ar an bhfear beag; tabhair faoi deara an glór inmheánach agus labhair leat féin mar a labhrófá le do chara is fearr.
5. Samhlaigh.Creid. Bain Amach.
Craolar Rónán Beo ó 2.30 go 4.30 Déardaoin agus Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.