As seo amach, beidh clár Rónán Mhic Aodha Bhuí, Rónán Beo ar siúl ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ní hamháin ar an Aoine ach ar an Déardaoin freisin idir 2.30 agus 4.30
Tá fuinneamh Rónáin ag cur siamsaíochta ar fáil do lucht éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta le fada an lá agus sin atá i gceist aige a dhéanamh Déardaoin agus Dé hAoine gach seachtain.

Mar mhíreanna rialta, beidh Rónán ag labhairt le Gaeil i gCéin (Cainteoirí Gaeilge atá ina gcónaí thar lear), Amhrán na hAoine againn i gcomhair le Nós.ie
Tá Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge chun bronntanas a bhronnadh ar dhuine amháin astu siúd a théann i muinín na Saineolaithe ar shaor ollscoil na nGael gach Déardaoin ar an chlár. An tseachtain seo bronnfar an leabhar Éagóir le Seán Ó Cuireáin. Scéal atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair.
Rachaidh an clár siar ar Bhóithrín na Smaointe gach seachtain le míreanna a craoladh ar RTÉ RnaG ó bhí 1972 ann.
Craolfar Rónán Beo idir 2.30 agus 4.30 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine, feasta.