skip to main content

Murdair Mhám Trasna: Anocht ar TG4

Anocht ag 9.30 ar TG4 a thaispeánfar Murdair Mhám Trasna don chéad uair.

Insíonn an scannán scéal uafásach Mhám Trasna, áit ar maraíodh formhór de theaghlach amháin ar an teorainn idir contae Mhaigh Eo agus Contae na Gaillimhe. Ciontaíodh Maolra Seoighe as na dúnmharuithe agus crochadh é ar an 16 Nollaig,1882. 

Tá anailís déanta ag taighdeoirí agus staraithe ar an scéal ó shin agus tugtar a dtuairimí sa chlár, chomh maith le tuairim an Uachtaráin, Mícheál D. Ó hUiginn.

"Bhí an léamh a deineadh ar an eachtra seo munlaithe ar an tuiscint go raibh an dlí in Éirinn i ngleic le bárbarthacht" 

"Scaip an scéal ar fud an domhain mhóir" a dúirt Seán Ó Cuirreáin, údar an leabhair, Éagóir a rinne taighde cuimisitheach ar an ábhar.

Anocht ag 9.30 ar TG4 a chraolfar Murdair Mhám Trasna.