skip to main content

Dialann Chiara: Féilte agus Filleadh

Níl mé ag iarraidh dul abhaile, ó nóóó,

Tá mé ag iarraidh fan anseo, ANSEO!

I gColáiste Chamuis 2008 bhíodh na focail sin á gcánadh againn ag deireadh an chúrsa. Gach bliain bhí an scéal céanna ann: bhíodh an chéad chúpla lá deacair ar dhaoine áirithe; bhídís ag fulaingt le cumha, ag glaoch abhaile, agus ag súil go mór le héalú Dé Domhnaigh. Ach ar an oíche dheireanach bhídís lán bróin agus gan fonn orthu a saol nua i Ros a’ Mhil a fhágáil.

"Faoi láthair ní maith liom smaoineamh ar a bheith ag fágáil. Is aoibhinn liom Philadelphia, an chathair mhór agus na foirgnimh arda. Tá cairde iontacha agam anseo, is maith liom a bheith ag múineadh, is breá liom a bheith ag staidéar, agus tá teach deas agam."

Ach cad tá déanta agam le mí anuas?

Bhí Lá ‘le Pádraig ann! Nó Mí ‘le Pádraig mar atá sé anseo! Feile trí seachtaine atá ann i bhfírinne. D’eagraigh mé lón le Gaeilge do mo rang. D’éirigh liom maoiniú á fháil ón Irish Cultural Society san ollscoil roinnt bia Éireannach a cheannach. McCambridges, Mi Wadi, Barry’s, Kimberly, agus neart eile! Bhí mé ar neamh!

Bhí na himeachtaí sa chathair ar fad an-saorga ach ní raibh mé ag súil le tada eile agus bhí craic agam bheith mar ionadaí ar son na hÉireann. Ar an lá fhéin bhí Philadelphia chomh gnóthach céanna le Baile Átha Cliath, agus scuainí ollmhóra taobh amuigh de na tithe tábhairne Éireannacha ar fad. Chaith mise leath an lae ag múineadh Gaeilge agus ag míniú cén sloinne Gaeilge a bhí ag a gclann tráth.

Ansin bhíos san Iarthar Lár den chéad uair! Chaitheas deireadh seachtaine ag múineadh Gaeilge san Irish Center in Kansas City, Missouri. BhuaIl mé le Brian Ó hAirt ann, Meiriceánach agus amhránaí iontach. Is mór an nasc atá idir cathair Kansas agus Éire, agus thug mé cuairt ar an ngnó Éireannach is sine i Meiriceá, Brownes Irish Market. Bunaíodh é in 1887 agus tá sé á rith ag an teaghlach céanna ó shin!

Tharla go raibh mo chomradaí Seaghan Mac an tSionnaigh in Kansas freisin agus tar éis ranga Dé Sathairn chuamar amach ag spaisteoireacht. Thriallamar ‘burnt ends’, mias beárbaiciú a bhfuil cáil air. An oíche dar gcionn d’ith mé in áit veigeánach agus níl feoil ite agam ó shin.

B’ait liom slán a fhágail le Seaghan an uair seo. Táimid tar éis a chéile a fheiceáil cúig uaire éagsúla agus muid beirt ar Fulbright, ach tá deireadh lenár n-aistear anois. An chéad uair eile anois go bhfeicfidh mé é ná Féile na Gealaí.

Anois agus mé ag smaoineamh ar Fhéile na Gealaí, go tobann tá fonn chraosach orm teacht abhaile...

Is féidir Ciara a leanúint ar twitter anseo