Tá na laethanta ag dul chun síneadh agus tá an samhradh le pleanáil. Cá mbeimís gan féile nó dhó chun comhluadar, craic agus ceol a bheith againn le chéile?
D'fhéadfadh baile an Daingin féile a eagrú gach aon deireadh seachtaine agus thiocfadh na sluaite. An uair seo, tá muid ag díriú ar Féile na Bealtaine, áit a ndéantar scéalaíocht, ceol agus ealaíon a cheiliúradh.
Áit: An Daingean, Co. Chiarraí
Dáta 3-7 Bealtaine.
We need your consent to load this Vimeo contentWe use Vimeo to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Níl Féile na Gealaí ach ar an bhfód le cúpla bliain anuas agus tá sé ag dul ó neart go neart. Lonnaithe i nGaeltacht Chontae na Mí, tá Polca 4, Niteworks, Kneecap, Emma Ní Fhíoruisce agus Scannal i measc na gceoltóirí atá deimhnithe.
Áit: Rath Cairn, Co. na Mí
Dáta: 15-17 Meitheamh
Tá Féile an Phobail i mBéal Feirste ag tacú le cultúir éagsúla an domhain le tríocha bliain anuas. Tarlaíonn formhór na himeachtaí in iarthar na cathrach, idir cainteanna, imeachtaí sráide agus siúlóidí treoraithe agus tá spraoi geallta ann!
Áit: Béal Feirste
Dáta: 2-12 Lúnasa