skip to main content

Mórscannán na Gaeilge, Song of Granite ar TG4

Luan Cásca ag 9.30 a thaispeánfaidh TG4 mórscannán na Gaeilge, Song of Granite. Insíonn an scannán seo scéal Joe Éinniú, an t-amhránaí sean nós a bhain cáil domhanda amach.

Is scéal brónach agus álainn é scannán Phat Collins. Ní scannán beathaisnéise traidisiúnta é seo ach saothar ealaíne a fhéachann ar an amhránaí clúiteach, ar a cheird agus ar a mheon.

Is iad Colm Seoighe, Mícheál Ó Confhaola agus Macdara Ó Fatharta atá in ról Joe Éinniú i dtréimhsí éagsúla a shaoil.

Mícheál Ó Confhaola

Craolfar Song of Granite ag 9.30 ar TG4, 2 Aibreán, Luan Cásca