Labhair Laoighseach Ní Choistealbha, Leas Uachtarán don Ghaeilge, Aontas na Mac agus na Iníonacha léinn in Éirinn le Rónán Mac Aodha Bhuí ar Rónán Beo @3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhFoclóir Aiteach a seoladh le déanaí.
Dúirt Laoighseach go raibh easnamh i dteanga na nGael maidir leis an téarmaíocht chuí a bhaineann leis an bpobal LADTA (LGBTQ) agus gurb é sin a chúis ar thug Aontas na Mac Léinn, BeLonG To Youth Services agus TENI faoin dtéacs seo a chur i dtoll a chéile.
Líonann An Foclóir Aiteach an t-easnamh sin mar 'acmhainn lárnach' dóibh siúd ar mian leo na téarmaí comhaimseartha a úsáid. Deir Laoighseach go bhfuil réimse leathan téarmaíochta, ní hamháin na téarmaí a chuireann síos ar an bpobal LADTA ach go leor den chaint atá timpeall ar an bpobal sin freisin.
"Rinne muid iarracht freastal ar an méid is mó rudaí a bhí agus atá tábhachtach don phobal sin"
Mar shampla:
Bigender- dé-inscneach
comhghuaillí-ally
Bodily autonomy- féinrialú coirp

Ní hé seo bun agus barr an scéil, dar le Laoighseach, 'is féidir le daoine easaontú leis an bhfoclóir' ach go bhfuiltear ag iarraidh 'plé a leathnú amach ar na focail seo' agus 'spás a chruthú' don chaint seo.
Is féidir leat cóip den Fhoclóir Aiteach a íoslódáil anseo
Craoltar Rónán Beo @3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 3 agus 5 Dé hAoine.