skip to main content

An Ghloine Leath-lán ar Lá Lus an Chromchinn

Labhair Síle Ní Fhearraigh le hÁine Ní Churráin ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina scéal féin le hailse agus an tábhacht a bhaineann le bheith dearfach go speisialta do Lus an Chromchinn.

Bhí Síle sa tSeapáin in 1995 nuair a bhí tuirseach, lag agus ansin gur tháinig sí ar chnapán ar a muineál. In Tokyo a dúradh léi go raibh Non-Hodgkin Lymphoma uirthi. Tháinig sí abhaile agus fuair sí cúram leighis in ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath.

Mar chuid dá cúram, chaith Síle lá iomlán gach trí seachtaine ag fáil chemo agus ansin cógaisí béil freisin. Chaill sí a cuid gruaige lena linn ach dúirt sí go raibh sí 'dearfach' ón tús go dtiocfadh sí as. 

Ó shin i leith, bhí turas fada ag Síle leis an ailse. Bhuail an tinneas arís agus arís í, in 2001 agus in 2006. An uair seo, fuair sí trasphlandú smeara óna deirfiúr, Mary Bheag. Deir Síle go raibh a hintinn ullmhaithe agus go raibh sí 'réidh faoina choinne'. Fuair sí ailse de chineál eile ina liopa freisin ach fuarthas réidh leis freisin.

Cuireann Síle béim mhór ar an ndearfacht ina saol, deir sí go bhfuil 'an ghloine i gcónaí leath-lán' agus go ndéanann an dearcadh dearfach maitheas dá corp.

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 11:02 - 12:00 Luan- Aoine.