Tá clár na Féile Litríochta i nGaillimh An Chúirt ar siúl idir 23-29 na míosa seo agus tá buaicphointí na Gaeilge roghnaithe againn daoibh!
Tabharfar ardán don cheol agus don fhilíocht ó bhéal le triúr filí Marcus Mac Conghail, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Simon Ó Faoláin ag ócáid darbh ainm An Focal: Cuisle.
Beidh údar Motherfoclóir: Dispatches From A Not So Dead Language, Darach Ó Séaghdha sa chathaoir ag caint faoi shaothar Flann O' Brien.

Tionólfar sraith speisialta d'ócáidí darbh ainm Cúirt Chois Fharraige i gcomhar le Ealaín na Gaeltachta agus Poetry Ireland Writers in Schools a thacóidh le scríbhneoirí Gaeltachta agus a chothóidh scileanna scríbhneoireachta i scríbhneoirí óga Gaeilge.
Beidh éagsúlacht mhór san ábhar a chuirfear ar fáil mar chuid den fhéile; léamh filíochta le hÁine Durkin agus Paddy Mhéme Ó Súilleabháin in Ros a Mhíl agus cuairteanna go hiarbhunscoileanna le scríbhneoirí aitheanta, Darach Mac Con Iomaire, Réaltán Ní Leannáin agus Jackie Mac Donncha ar Inis Mór, Inis Meáin and Inis Oírr.
Tá tuilleadh eolais faoin gclár le fáil anseo