Le linn 'An Seisiún' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, cuirtear ceoltóirí le chéile thar oíche agus dúshlán curtha rompu 3 amhrán i nGaeilge a scríobh agus a thaifead.
I gclár na hoíche anocht, tá Inni-K, Rosa Nutty agus Pearse Mc Gloughlin i mbun cumadóireachta agus i mbun cheoil le chéile.
Craolfar an t-eagrán is déanaí den chlár anocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag a 9.