Gach mí, tugann Moira comhairle gnó dúinn bunaithe ar a taithí go nuige seo, ag bogadh ar ais go Dún nGall agus ag forbairt a gnó ag cabhrú le daoine eile a gcumas a fhíorú. An mhí seo, tá sí ag díriú ar chúrsaí airgid.
Go dtí seo d’amharcamar ar na rialacha órga agus muid i mbun chúrsaí gnó. Rialacha a chuireann ar ár gcumas éifeacht agus fás a chur ar siúil inár ngnó le freastal a dhéanamh ar chuid riachtanas ár gcuid chliaint –rial órga 2. Tá na scileanna, taithí agus forbairt déanta againn maidir le heolas ar bith atá bainteach leis an ghnó atá ar bun againn. Tá grá againn don obair atá ar bun againn! Mar sin de, cén fáth nach bhfuil cúrsaí airgid ag léiriú an méid infheistíochta atá déanta sna réimsí seo againn?
Go minic ní bhíonn cúrsaí airgid ar an chloch is mó ar an phaidrín againn agus gnó a chur ar bun againn. Dírionn muid ár n-aird ar bhun phrionsabail an ghnó - scileanna, taithí srl - agus bíonn muid ag súil go n-amharcóidh cúrsaí airgid ina ndiaidh féin.
Is minic a chuireann muid ár gcuid fuinneamh uilig isteach sa táirge/seirbhís a chur ar fáil don chliaint agus gur beag fuinneamh atá fágtha ó thaobh chúrsaí airgid de. Tarlaíonn seo agus ní locht é ach caithfear a aithne nuair atá fuinneamh go leor tugtha den chuid sin den ghnó – rial órga 5- agus cuid den fhuinneamh sin a dhíriú ar chúrsaí airgid.
Tá an-tábhacht leis seo! Má tá laige sa pháirt seo den ghnó – gan airgead go leor ag teacht isteach - cruthóidh seo laige sa chuid eile denár gnó, m.sh: ní bheifear abálta infheistíocht a dhéanamh in ineallra nua a chuirfeadh ar ár gcumas fás agus forbairt a chur faoinár ngnó agus mar thoradh air seo: easpa ioncaim!
Ar na mallaibh chur mé ocáid ar siúl, Waking the Giants, do 40 duine de lucht ghnó. D’fhiafraigh mé dóibh an raibh a fhios ag aon duine acu cad faoi mar bhíonn siad abálta airgead a dhéanamh trína ngnó ar bhun laethúil. Chuir sé ionadh (agus lúchair) orm gur triúr de mo chuid chliaint féin a d’ardaigh a gcuid lámh. Mar sin, as an daichead seo ba léir go bhféadfadh teip tarlú den mhórchuid dá ngnó de thairbhe easpa airgid. Spreag seo chun smaointe mé agus dhírigh mé isteach ar na bacanna a ba chúis leis seo.
Mar sin de, sna postálacha amach romhainn cuirfidh mé ar an eolas sibh faoi na 3 chéim is fearr chun airgead a chruthú agus sibh i mbun ghnó. Cad mar is féidir 10 míle euro a chruthú sa mhí in áit 10 míle euro sa bhliain agus sin a mhéadú go mbeidh ioncaim ar mhéid na 6 uimhir a dhéanamh ag do ghnó – ar luas ghasta!
Cuireann sé lúchair ar mo chroí an gnó atá agam a bheith ag feidhmiú ar bhun éifeachtach agus ioncaim a bheith dhéanamh chomh maith aige. Chuirfeadh sé gliondar iontach ar mo chroí dá bhféadfainn cuidiú le mo chuid chliaint na spriocanna céanna a bhaint amach!!