Amárach ag 7pm ar RTÉ One a chraolfar Lig Liom, clár a scrúdaíonn an chaoi a chaitear le daoine le Gaeilge. Féachann Bláthnaid Ní Chofaigh ar mheon na ndaoine i gcomhthéacs theangacha oifigiúla na tíre agus ar an saol atá aici féin, ag titim idir dhá stól.

Seo blaiseadh den chlár, áit a scrúdaíonn Bláthnaid a taithí saoil go nuige seo agus an chaoi ar caitheadh léi mar Ghael.

Téann an clár chun cainte le daoine a bhfuil Gaeilge acu agus chuig léachtóir san Antraipeolaíocht,Dr Abdullahi El-Tom. 

"We are not only here just to eat and drink and that's it. Humanity is much more than that, and therefore the language is just as important as a job.. it's part of our psyche, part of our culture, part of ourselves, part of our heritage. Otherwise, there would be no difference between us and pigs or cows or whatever it is."


Craolfar Lig Liom ag 7pm amárach, Déardaoin ar RTÉ One.