skip to main content

An Chéad CholúnLee: Cé leis thú?

Lee Vahey
Lee Vahey

Bhí de ghaois, nó de bhaois ag an gcraoltóir beannaithe náisiúnta mo cheapadh faoi chomhair srath alt i mbliana. Agus is mé atá fíor bhuíoch as ucht na gaoise/baoise sin! Le linn na bliana seo amach romhainn, beidh alt nó dó ag teacht uaidh mo pheannsa, nó fiú uaidh mo Mhac Book Pro, in aghaidh na míosa. 

Mar sin de:
Go mbeannaí Dia duit, a léitheora dhil. Is deas casachtáil leat. Is mise Lee. Cén t-ainm atá ortsa?

I dtaca liom féin de, ‘fleiscíneach’ fir atá ionam sa gcaoi is gur fear cathrach mé a bhfuil cúlra Gaeltachta ag duine de mo mhuintir. Rugadh, tógadh, agus ‘oileadh’ i nGealchathair na Gaillimhe mé, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, faoi mar a thugann Bord Fáilte ar ‘The Wild Atlantic Way’ (Ceist chigilteach le réiteach áfach, an é an tslí nó an tAtlantach atá fiáin ó cheart?). Ar an údar sin, is deas liom mo shamhlú mar dhuine ar Fear Fiáin Atlantach é nó Fear de chuid an Atlantaigh Fhiáin é. Dar ndóigh, fágfar faoin léitheoir a rá an bhfuil an fiántas dlite don údar seo! 

Ar chaoi ar bith, is Gaillmheach neamhleithscéalach cruthanta mé agus beidh dáimh dhaingean dhiongbháilte agam leis an áit go deo na díleann.

Faoi mar nach bhfuil acht ná aimhreas ann i dtaca le díograis Phaddy Losty i dtaca leis na piontaí, is amhlaidh go bhfuil loinnir na Gealchathrach sin i smior na gcnámh agam. D’fhocail ghearra, is maith liom Gaillimh.

Ní bheadh sé de shotal ná de nóisean agam a mhaíomh gurb iomaí inseacht atá ar mo scéal féin, ach is iomaí ábhar ina gcuirim spéis, ábhair agus réimsí nach samhlaítear aon chosúlacht lena chéile, adeiretear liom. Is iad conair na spéiseanna éagsúla sin, chomh maith le conair mo shamhlaíochta aeraí féin, a bheas á leanacht agam sna píosaí amach romhainn.

Do m’ainneoin féin de, is scoláire Ph.D. i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mé. De bharr go bhfuil dáimh mhór agam leis an léitheoireacht, leis na scríbhneoireacht, agus leis an (bprós)litríocht, shocraigh mé go gcaithfinn sciar suntasach de m’fhichidí in éindí leis na héigse siúd atá níos cumasaí ná mé féin. Agus níl deireadh leis an socrú fós, mo léan. Ceal pearsantachta agus ceal acmhainn grinn, shocraigh mé freisin go ndéanfainn staidéar ar an ngreann, súil is go mbronnfadh a leithéid pearsantacht fheidhmhiúil fhónta orm. Tá fanacht orm i gcónaí. Ach is féidir liom áilteoireacht Mháirtín Uí Chadhain agus Alan Titley a mhíniú duit taobh istigh d’achar 3 uair a chloig;  so there’s that … Ach ní hé is measa – níl dualgas orm filíocht a léamh.

Scolaire ar Mháirtín Ó Cadhain is ea Lee.

Tá taithí réasúnta teagaisc agam agus tá sealanna éagsúla caite agam ag teagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal, go háirid d’ábhair oide. Taitníonn an teagasc liom ach ní thaitníonn mo theagasc le mo scoláirí. Sin, nó tá an tost gníomhach agus cuma an leadráin éirithe ina gcomharthaí taitnimh i ngan fhios dom féin.

Aithneoidh sibh siúd a leanas nó a leanfas ar Instagram mé (.i. @leevahey – féinfhograíocht gan náire), gur mór an dúil atá agam in éadaí, go háirid i léinte nach dtabharfá do do bhithiúnach ba mheasa.

Thabharfainn éitheach dá ndéarfainn nach bhfuil paisean mór faisin agam, ach thabharfainn deargéitheach freisin dá mhaífinn gur Fash-Hun mé. D’fhágfainn an cúram sin faoi na #influencers, bail ó Dhia orthu. 

Is fairtheoir fonnmhar ar an bhforéigean eagraithe mé, sa méid is gur díograiseoir MMA mé. Cé nach mbaineann sí amach buaic na mbuillí céanna, tá dúil mhillteanach mhear agam sa bpeil (Ghaelach). Saineolaí toilg den chéad scoth mé, mise i mbannaí ort.

I leaba scoláire, ba bharainní ‘iteoir agus óltóir a bhfuil fadhb Ph.D. aige’ mar thuairisc orm féin. Is alpaire gan náire mé agus tá na blianta fada caite agam, ní hamháin ag caomhnú lucht bialainne na Gaillimhe, ach ag sárú theorainneacha calracha mo mheitibileachta chomh maith. Rud eile de, bheinnse ar aon mhéin is ar aon fhocal le breithiúnas Mark Twain a dúirt gur dona an bharraíocht i gcoitinne, ach gur ar éigean gur leor an iomarca fuisce mhaith. Is beag comhrá nach gcuireann gloine Jameson (ar a bhlas) a thuilleadh beochta ann. 

Sin inseacht mó scéil. Má tá bréag ann, bíodh, arae is mé a chum agus a cheap. Agus cén mhaith dea-scéal a mhilleadh le loime na fírinne?