Anocht, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, cloisfear ceoltóirí a cuireadh isteach in aon stiúideo thar oíche agus dúshlán acu 3 amhrán a chumadh agus a thaifead. Sa dara clár sa tsraith, tugann An Seisiún Marc Lynch, Spats Colombo, Dina Ní Riain agus Lauren Ní Chasaide le chéile agus leanann a n-iarrachtaí ar chumadóireacht agus taifead.
Seo blaiseadh d'obair na gceoltóirí ach beidh toradh iomlán a gcuid uaireanta a chloig gan néal codlata le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anocht ag a 9 i.n.