Bliain ón lá inniu a tuairiscíodh go raibh héileacaptar tarrthála, R116 imithe ar iarraidh. Craoladh clár speisialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin ag breathnú siar ar eachtraí an lae. 

Is í Máire Bríd Ní Chualáin ón gclár Iris Aniar a chuireann scéal tragóideach i láthair.  Insíonn sí scéal chuan an Fhóid Dhuibh idir an tuairisciú ar rinneadh ag an am agus labhrann sí le daoine áitiúla faoin timpiste agus a gcuimhní air.

Craoltar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 9:15 - 10:15 Luan - Aoine.