skip to main content

Stamhlaí, turadh agus peata lae: Cé acu is fearr le Caitlín?

Sheachtain na Gaeilge
Sheachtain na Gaeilge

Labhair muid le hAmbasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia agus láithreoir aimsire le TG4, Caitlín Nic Aoidh faoin bhfriotal is ansa léi le cur síos a dhéanamh ar an aimsir.

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, Noel McGrath, Caitlín Nic Aoidh agus James Patrice

Tá míle focal le cur síos a dhéanamh ar an droch aimsir mar is minic a bhíonn sí againn! Ach seo cuid de na focail is ansa liom:

Stamhlaí: Seo focal a úsaideann m’athair go minic. Ciallaíonn sé ‘Blustery’. Seo focal atá ag ag sean dream i gCloich Cheannfhaola. Dúirt bean liom go bhfuil sé deas go n-úsáidim an focal seo mar nár chuala sí é le dhá scór bliain. Sílim go bhfuil sé tábhachta na focail seo a chaomhnú agus a úsaid go minic chun go gcoinnítear beo sa teanga iad.

Turadh: Seo stad beag de thréimhse tirim idir ceathanna. Níl aon fhocal amháin sa Bhéarla le cur síos a dhéanamh ar an an ngníomh seo. Feictear mar sin go raibh saibhreas leathan focal acu ar an aimsir roimhe seo. Is bréa liom na focail seo nach bhfuil aistriú díreach orthu.

Ag cur de dhíon is de dheora: Seo abairt le cur síos a dhéanamh ar fhearthainn throm leanúnach nach bhfuil iomrá ar bith ar stopadh. Bíonn orm seo a rá ró-mhinic, faraor!

Tá an ghealach ag coinneáil uisce: Seo tearma a úsáideann m’athair nuair a fheiceann sé ceathrú gealaí ag suí ar a tóin. Tá dúil mhór agam sa chur síos seo atá aige.

Peata do lá a bhí againn inniu: Nuair a bhíonn go leor droch aimsir againn agus nuair a thagann lá deas te amháin nach raibh muid ag dréim leis tríd.

Peata Lae

Is féidir leat cur le do stór focal trí bhreathnú ar Chaitlín agus a comhghleacaithe ar Aimsir TG4.