Pictiúir de dhealbha sneachta; físeáin de chathanna liathróidí sneachta; agus an-chuid teachtaireachtaí faoi… arán? Ba dheacair bheith thar sáile fad is a bhí Éire imithe ar míre le linn #StormEmma.
Tharla go raibh ár stoirm féin againn anseo. Níor thuig mé nuair a thosaigh daoine ag caint ar Nor'easter a bhí le teacht, ach sin a thugtar ar dhrochaimsir a bhuaileann an taobh seo Mheiriceá in amantaí.
Ní rabhamar ach ag súil le báisteach agus gaoithe móra, ach tháinig stoirm sneachta chumhachtach a leag crainn mhóra ar fud na háite, agus iad ag sciobadh línte leictreacha leo! Ba scanrúil é an turas abhaile sa ghluaisteán agus na bóithre móra lán sneachta, gan roinnt de na soilse tráchta a bheith ag obair in aon chor.
'Bhí mo theach féin gan leictreachas ar feadh dhá lá iomlána, eachtra a léirigh dom a mhéid a úsáidim leictreachas. Ba chuma liom go pointe faoin easpa solais istoíche mar go raibh coinnle againn; ach ba bhocht an scéal é bheith ag luí sa leaba, le hata, lámhaínní agus ceithre gheansaí orm; agus is mó an aird a thabharfaidh mé feasta don uisce álainn te a bhíonn ar fáil agam go héasca!'
Le linn na míosa bhí Dr. Seaghan Mac an tSionnaigh ar cuairt ag Villanova, ag tabhairt cainte ar ábhar a dhochtúireachta. Is féidir breathnú ar an gcaint anseo. Tá Seaghan mar Fulbright FLTA in Notre Dame don bhliain, agus le linn spring break d’eitil mise ann agus mar chuid de rang ar amhráin agus filíocht na hÉireann atá á mhúineadh ag Seaghan thug mé aoichaint ar REIC.
A luaithe is a shroich mé Chicago, bhuaileas le Seaghan, agus bhí píotsa deep dish againn. Molaim go mór é - féach air!

Ansin chuamar caol díreach go dtí The Green Mill - áit cháiliúil do snagcheoil agus filíocht spoken word. Is ann a chruthaigh MC na hoíche, an file Marc Smith, traidisiún an poety slam. Níor chailleamar an deis dul ar ardáin! Léigh Seaghan dán de chuid Sheosamh Uí Guairim, agus bhí mé fhéin an-sásta an comórtas slam a bhuachaint ag deireadh na hoíche.
Chaith mé an chuid eile den bhriseadh ag obair ar thograí do na ranganna iarchéime atá á dtógáil agam, agus ag ullmhú ábhair don leath-théarma deireanach atá fágtha agam anseo!
Is léir ó na hearraí glasa átá á ndíol sna siopaí ó bhi lár mí na Feabhra ann go bhfuil Philadelphia breá réidh le Lá ‘le Pádraig a cheiliúadh, ach an bhfuil mé féin? Ní fada go bhfeicfimid!
Is féidir leat Ciara agus a turas i Meiriceá a leanúint ar twitter ag @miseciara