Craolfar clár speisialta de Chormac ag 5 ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i dTeach an Ardmhéara agus tá cuireadh ar fáil don phobal a bheith i láthair ar an oíche.
Bliain chinniúnach do mhná ar go leor bealaí í seo, idir scéalta #metoo, cothromaíocht pá agus an reifreann ar an ochtú leasú. Tabharfaidh an painéal faoi na hábhair seo i measc scéalta nuachta eile ar an lá.
Má tá tú ag iarraidh a bheith i láthair, cuir ríomhphost chuig cormac5@rte.ie
Craoltar Cormac ag 5 ón Luan go hAoine idir 5 agus 6 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.