Labhair Seán Ó Catháin le Claire Dunne, léachtóir le Gaeilge in Institúid Oideachais Marino agus le Muiris Ó Raghallaigh, aistritheoir leis an nGúm, faoin úrscéal grafach An Leathanach Bán le Boulet agus Pénélope Bagieu.

 

 

"Beidh ‘chuile shórt go breá ... tá seoladh agam, agus ticéid ar an metro ... agus mapa de Pháras. Chuile shórt go breá. Tiocfaidh sé ar fad ar ais chugam faoi cheann nóiméid."

Ar bhínse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, nár ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi.Le greann agus tuiscint, insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal na tóraíochta seo, tóraíocht na féiniúlachta. 

Cuirtear an podchraoladh seo ar fáil ó Chlub Leabhar le tacaíocht ó Raidió na Life.