Le buíochas a ghabháil le muintir Chonamara a thacaigh lena shaothar, Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, chuir Martin Mc Donagh nóta chuig Máirtín Tom Sheáinín, Togha agus Rogha, RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Labhair Máirtín Tom Sheáinín le athair an scríbhneora cúpla seachtain ó shin agus bhí siad ag súil go mór leis an oíche mhór ag na Oscars. D'aithin Mc Donagh an obair mhór a bhí déanta ag an bpobal chun '3 Billboards' a chrochadh lasmuigh do Leitir Mealláin, áit dhúchais a athar.

Dúirt Martin i nóta a cuireadh go Togha agus Rogha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt sé go raibh na pictiúirí feicthe aige agus go raibh sé ag súil leis na billboards a fheiceáil iad féin.
Agus gradam na #Oscars beagnach linn, nach tráthúil gur tháinig an nóta buíochais seo ó Mhartin McDonagh le léamh amach ar @RTERnaG inniu faoi na #ThreeBillboards atá feistithe i Leitir Mealláin. Go n-éirí go geal leis fhéin & @3Billboards ag na #Oscars anocht! pic.twitter.com/a2gRcisNt3
— Marion Ní Shúilleabháin (@Marion508) March 4, 2018
Craoltar Togha agus Rogha gach Domhnach idir 11:50 - 13:00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.