skip to main content

World Book Day: Bímís ag léamh

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an drochaimsir. Tarlaíonn sé go dtiteann Lá Idirnáisiúnta na Leabhar inniu agus mar sin, tá cúis ceilúrtha againn! Seo cuid de na seoid a thaitníonn go mór linn...

Dúil le Liam Ó Flaithearta

Ní leabhar nua é seo ach is leabhar é nár chaill a chumhacht ariamh.

"Bhí naíonán fireann ag imirt le gligín ar an mbrat urláir, in aice le cathaoir ina raibh a mháthair suite agus í ag léamh leabhair. Chuir sé scairt mheidhreach as féin, gach uile uair a chuala sé an torann binn a tháinig as an deis tar éis a craite. Ansin thit an gligín as a lámha. Tugadh scathamh beag ar siúl é, trasna an urláir,ag sciorradh agus ag iompú.Thit an naíonán ar a bholg nuair a shín sé é féin amach roimhe, le breith ar an rud beag gleoite."

Idir Dhá Thír le Alex Hijmans

Seo an cnuasach is déanaí ó Hijmans,áta ag cur faoi sa Bhrasaíl. Gearrscéalta comhaimseartha iad seo a chíorann ceist an imirce i measc ábhar eile.

Aisling Nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne

San úrscéal dúshlánach, ceannródaíoch seo, féachann an scríbhneoir clúiteach, Éilís Ní Dhuibhne, ar ball den Aosdána í, ar dhéagóir a thugann dúshlán dá máthair agus a smaointeoireacht traidisiúnta.