Tuairiscíodh an tseachtain seo go bhfuil UCD ag cur leithris ar fáil dóibh siúd atá solúbtha ó thaobh inscne de. Labhair Cormac Ó hEadhra le hionadaí ó Aontas na Mac Léinn, UCD faoin gcinneadh agus d'fhiosraigh sé an scéal le heagraíochta Gaeilge ar Chormac ag 5, RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt Eoin Mac Domhnaill, Oifigeach Leasa in Aontas na Mac Léinn, UCD go bhfuil na leithris seo á gcur ar fáil mar go raibh éileamh ó mhic léinn ann dá leithéid. Deir sé gur ar mhaithe le compord na mac léinn a cinneadh os cionn 170 leithreas a chur ar leataobh a chur ar fáil dóibh siúd nach n-aithníonn iad féin mar aon inscne amháin.
Tá ceithre chineál leithreas anois in UCD; iad do mhná, do fhir, dóibh siúd atá solúbtha agus cinn do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste.
Tá Eoin den tuairim nach aon rud é seo, go bhfuil daoine míchompordach le hinscne amháin ach nár labhair muid faoi go nuige seo agus go mbaineann sé le cothromas do chách sa tír seo.
D'fhiosraigh Cormac agus foireann an chláir polasaithe na n-eagraíochtaí Gaeilge maidir lena bpolsaithe dóibh siúd nach n-aithníonn iad féin mar aon inscne amháin ach fuarthas amach nach bhfuil polasaithe oifigiúla i bhfeidhm ag formhór acu ach go raibh fáil ar leithris solúbtha i gcuid acu.
Craoltar Cormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine idir 5 agus 6.