skip to main content

Comórtas RnaG: Amhráinín i Nóiméidín

Amhráinín i Nóiméidín

Tá comórtas á reáchtáil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do bhunscoileanna na tíre do Sheachtain na Gaeilge le Energia agus ní gá dóibh ach Amhráinín i Nóiméidín a thaifead le bheith san áireamh don duaischiste €1000. 

Is féidir amhrán, nó ceol uirlise, nó meascán den dá rud, mashup Gaelach, a chur isteach, ach gan é a bheith níos faide ná 60 soicind. Is féidir iad a thaifead ar fón cliste nó ar tháibléad.  Tá siad ag glacadh le hiarratais ó anois go dtí 2 Márta, agus fógrófar na buaiteoirí ar 15 Márta. 

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia

Cuir na hiarratais chuig Dónall ar wetransfer (www.wetransfer.com) ag macruad@rte.ie agusbreis eolais ag www.rte.ie/rnag faoin 2 Márta

Beidh na hiarratais le cloisteáil ar an gclár An Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí, Luan go Déardaoin 3 pm – 5 pm, i mí an Mhárta.