Labhair Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire le Cormac Ó hEadhra faoin Straitéis nua a d'fhógair Ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes don eagraíocht sa chéad chúig bliana eile ar Chormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

D'iarr Cormac ar an nGrúpcheannasaí Gaeilge faoin bplean don Ghaeilge laistigh den Straitéis nuafhógartha, go sonrach. Maidir le láithreacht na Gaeilge san eagraíocht, dúirt Mac Con Iomaire go bhfuil an Ghaeilge ar cheann d'ocht bpiléar nua atá ann ó thaobh ábhar de agus go bhfuil sé seo 'thar a bheith suntasach'. Deir Rónán gurb é seo an chéad uair go bhfuil áit chomh 'lárnach' ag an nGaeilge san eagraíocht.

D'aithin Rónán go raibh dúshláin airgeadais roimh an gcraoltóir seirbhís poiblí ach go raibh 'go leor' de phobal na hÉireann ag brath ar an eagraíocht do sheirbhísí éagsúla, ina measc; 'seirbhís nuachta iontaofa, oibiachtúil, ábhar i nGaeilge, clúdach ar imeachtaí móra náisiúnta'.

"Aon chomhlacht meán atá ann sa lá atá inniu ann, tá dúshláin acu. Is dóigh, an rogha atá agat ná aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin nó luí ar na maidí. Agus níl RTÉ ag luí ar na maidí"

Maidir leis na dúshláin airgeadais atá ag an eagraíocht, dúirt sé go raibh cúpla deacracht suntasach ann; ioncam tráchtála agus ioncam ón gceadúnas teilifíse atá íslithe le blianta beaga anuas.

Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ

Nuair a cheistigh Cormac an cur chuige dátheangach atá le sonrú ar líne ag RTÉ.ie/Gaeilge, dúirt Rónán go bhfuil seirbhísí ann ar nós Nuacht agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, atá trí mheán na Gaeilge amháin ach go dtagann an cur chuige ar líne le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus le Plean Gaeilge RTÉ féin leis an nGaeilge a 'normálú', a bheith 'fite fuaite' i ngach a dhéanann RTÉ. 

Is féidir leat an Straitéis a léamh anseo.

Craoltar Cormac ag 5 ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 5 agus 6.