Labhair Máirtín Tom Sheáinín le athair Mhartin Mc Donagh, Johnny Mhichael Cholm Mac Donnacha ar Ardtráthnóna, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina chlann agus a shaol in Londain agus faoi na duaiseanna ar fad atá buaite ag an scannán is úire ag Martin, Three Billboards Outside Ebbing, Missouri. 

Labhair Eileen, bean a raibh baint aici leis na 'billboards' a chrochadh lasmuigh de Leitir Mealláin chun bród an cheantair a léiriú.

D'inis athair Mhartin, Johnny Mhichael Cholm scéal a shaoil dó; ón uair gur fhág sé Conamara le dul go Sasana le bheith in arm na Breataine, an sé mhí a chaith sé sa bhaile ina dhiaidh sin agus ansin an obair a rinne sé ag tógáil thall. 

Phós sé Mary as Sligeach agus rugadh a bheirt mhac in Waterloo. Dúirt sé gur 'fear ciúin' é Martin nach mbíonn ag déanamh gaisce as a chuid oibre. Sula ndeachaigh sé ag scríobh, dúirt sé go mbíodh sé ag obair in siopaí agus ba í a mháthair, Mary a labhair leis faoina chuid oibre sna scannáin mar go mbíodh a athair amuigh ag obair ag an am. 

In ómós do Mhartin Mc Donagh, na billboards atá lasmuigh de Leitir Mealláin

 Ag caint ar na gradaim ar fad atá bainte ag Martin go nuige seo as Three Billboards Outside Ebbing Missouri agus ar ghradaim Oscars a bheidh ar siúl ar an 4 Márta, dúirt sé 'faigheann sé beagán exciteáilte, 'bhfuil 'fhios agat?'

Craoltar Ardtráthnóna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin