skip to main content

Na Rialacha Órga: An Chomhsheasmhacht

Go dtí seo sna ceachtanna eile chonaiceamar na gnéithe áirithe atá ag teastáil chun ár ngnó a fhorbairt.  Sa cheacht seo díreoimid ar n-aird ar ghné den ghnó a neartaíonn a bhfuil bainte amach againn go dtí seo, mar sin: An Chomhsheasmhacht:  Nuair atá córas oibre foirfe curtha i dtoll a chéile agat, bain feidhm as!

B’fhéidir gur sóiléír dúinn é seo ach is minic go ndéanaimid neamhiontas den chóras ar a bhfuil ár ngnó bunaithe air.  Nuair a thagann athrú beag ar riachtanais an chliaint tá claonadh ionainn an córas atá againn a athrú leis na riachtanais sin a shásamh.  Ní gá!  Leanaimid bunphrionsabail an chórais- toradh, an teagmháil phearsanta, srl- córas atá cruthaithe go dtí seo a fheidhmíonn go foirfe.

Nach gcuimhin linn nuair a bhíomar ar an scoil agus bhí aiste le scríobh againn faoi ábhar áirithe.  Scríobh muid teideal an phíosa ar an chéad rud.  Os sin amach chualamar an múinteor ag rá – go ar ais go dtí an teideal agus amharc air, an bhfuilimid cinnte go bhfuilimid ag fanacht ar an phointe!  Is gá dúinn mar an gcéanna a dhéanamh, dul siar ar na pointí sa chóras atá againn chun ár ngnó feidhmiú ar bhun deas seolta.  Más gá dúinn athrú a dhéanamh don chliaint chun a cuid/chuid riachtanas a chomhlíonadh is cinnte go ndéanaimid sin, ach nach n-athraímid ár gcóras chun é sin a dhéanamh.  Má athraíonn muid ár gcóras gach aon uair a thagann cliaint nua le riachtanas faoi leith, beimid ag síorathrú agus beidh obair mhaslach a dhéanamh d’obair a d’fhéadfadh a bheith pléisiúrtha agus brabúsach dá leanfaimis ár gcóras foirfe ghnó.

Moira Ní Ghallachóir

Cad é mar is féidir linn a bheith cinnte go bhfuil an córas atá againn ag feidhmiú ar bhun foirfe?  Nuair a thíocfaidh fás ar ár ngnó!  Bíodh sin beag nó mór ach is gá dúinn sin a aithne agus taifead a dhéanamh de chun gur féidir linn dul siar agus aithris a dhéanamh ar an ghné sin a chur fás faoinár ngnó.  Is é an toradh a bhéas air seo nó breis airgid a bheith ag teacht isteach agus cothaíonn seo muinín go bhfuil córas feidhmiúil ar siúil againn.  Má leanaimid córas éifeachtach beidh am sa bhreis chomh maith againn le díriú isteach ar ghnéithe eile denár ngnó a fhorbairt.

Má fhorbraímid ár ngnó go réidh is amhlaidh  is fearr duinn é.  Céim ar chéim bainfimid amach gnó agus córas a bhéas buan inmharthana.  De réir mar a bhéas fás ag teacht ar ár ngnó tiocfaidh fás ar bhrabús agus fás ar íomha ár ngnó- íomha a bhéas dearfach!

Leis an chur chuige seo- an chomhsheasmhacht-  agus na rialacha órga eile is cinnte gur féidir tógáil a dhéanamh ar ghnéithe dearfacha ár gcórais a chuireas ar ár gcumas sult, sásamh, seasmhacht agus ar ndóighe brabús a bhaint amach as bheith i mbun gnó dúinn féin!

Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dún na nGall, le lucht ghnó iad féin a spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse. Údar fhoilsithe í sa leabhar: Remarkable Women: Overcoming Mediocrity a bhí go hoifigiúil ag #1 ar an leabhar ab fhearr díolta ag Amazon.