Tá Aodh Ó Coileáin ceaptha ina chathaoirleach ar an Taibhdhearc. Oibreoidh Aodh atá in bhall de Bhord na Taibhdheirce ó Mheán Fómhair, 2016 in éineacht le hochtar mball eile chun obair agus treo na hamharclainne a stiúradh.
Is gá an Taibhdhearc a oscailt amach agus deis a thabhairt do níos mó daoine a bheith páirteach san obair a bhíonn idir lámha: "Ba mhaith liom go mbeadh próiseas ann chun baill nua a cheapadh ar Bhord na Taibhdheirce. Seo dúshlán atá roimh eagraíochtaí ealaíne agus amharclanna trí chéile. Ar ndóigh tá sé ráite in athbhreithniú a rinne Gaye Cunningham ón gCoimisiún um Chaidreamh san áit oibre, thar ceann Amharclann an Gheata gur cheart go mbeadh ceapacháin ar an mbord oscailte, trédhearcach agus fógraithe. Freisin, dúirt sí go raibh sé inmhianaithe go mbeadh daoine ar an mbord le saineolas agus scileanna i gcúrsaí gnó, margaíochta, caidreamh poiblí, na healaíona, caidreamh tionsclaíoch agus disciplíní eile."
Dúirt Ó Coileáin a bhfuil cúlra amharclainne aige féin:
"Táim ag súil leis an dúshlan nua, go mór mór i mbliana agus an amharclann ag céiliuradh 90 bliain a bunaithe. Is gá tacú le scríbhneoirí atá ag iarraidh ceird na drámaíochta a chleachtadh, tá easpa eagarthóirí scripte atá inniúil ar an nGaeilge ar fáil, daoine atá ábalta anailís a dhéanamh agus struchtúr a chur ar shaothair don staitse. Ba mhaith liom níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga dul ar an stáitse, bhí ról tábhachtach ag an Taibhdhearc anseo i gcónaí."
Chaith sé a óige ag aisteoireacht agus i mbun soilse stáitse i Siamsa Tíre i dTrá Lí agus i dteannta Aisteoirí Bhréanainn i gCorca Dhuibhne. Bhunaigh sé féin agus Trevor Ó Clochartaigh an grúpa amharclainne Na Fánaithe i gcathair na Gaillimhe sa bhliain 1987. Chaith sé sé bliana i bpost bainistíochta le Nuacht TG4 i mBaile na hAbhann agus bliain ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá gradaim bainte amach ag cuid dá scannáin fáisnéise agus é ag obair ar choimisiún nua de chuid na scéime Ildána, comhpháirtíocht idir TG4, an Chomhairle Ealaíon agus Ionad Scannán na Gaillimhe. Múineann Aodh iriseoireacht, dlí na meán agus smaointeoireacht chriticiúil ar an gcéim BA (Cumarsáid agus Gaeilge) in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá ceangal idir an ollscoil agus an Taibhdhearc ag dul siar amach go tús na hamharclainne. Bhí Liam Ó Briain, ollamh le teangacha rómánsacha ó 1917 – 1958 ar dhuine de bhunaitheoirí na Taibhdheirce sa bhliain 1928 agus bhí baill foirne na hOllscoile ar an mBord agus ag aisteoireacht sa Taibhdhearc riamh ó shin.