skip to main content

An bhfuil féiniúlacht faisin ag na hÉireannaigh?

Tá sraith nua, Snáithe ag teacht go TG4 ina ndéantar stair dhearadh faisin na hÉireann a scrúdú trí shúile dearthóirí comhaimseartha,saineolaithe agus staraithe faisin. Labhair muid le Ciara Nic Chormaic, léiritheoir agus stiúrthóir Snáithe faoi thábhacht an fhaisin.

Tá Ciara ag obair ar chláracha teilfíse cultúrtha agus ealaíne le deich mbliana anuas agus deir sí go raibh clár faoi chúrsaí faisin 'i gcúl a cinn' le fada. Bhíodh sí ag gearradh alt as na nuachtáin agus as irisí ach gur spreag an ID2015, a rinne ceiliúradh ar dhearadh na hÉireann chun an clár a chur le chéile. 

Is í an blagálaí, Ciara O' Doherty a chuireann Snáithe i láthair agus í ag labhairt le dearthóirí comhaimseartha faoina gceird agus faoin tionchar a bhí ag oidhreacht fhaisean na tíre orthu.

Luann Nic Chormaic The Tweed Project atá go mór faoi thionchar ag teicstíl sna hOileáin Árann, ach go háirithe, Inis Thiar agus Orla Kiely a chaith go leor ama i gConamara agus í ag fás aníos, rud a spreag a soéis i ndathanna an dúlra, a deir sí. 

Ciara O' Doherty, Láithreoir Snáithe.

Nuair a labhair Ciara faoin mbearna idir ardfhaisean agus na héadaí a chaitheann gnáthmhuintir na tíre seo deir sí go bhfuil an tuairim amuigh nach bhfuil éadaí 'tábhachtach'. Tá Nic Chormaic den tuairim gur siombail iad éadaí agus go bhfuil mothúcháin fite fuaite iontu agus nár cheart neamhaird a dhéanamh de sin. 

Tosaíonn Snáithe ag 8.30 anocht, 14 Feabhra ar TG4.