Tá TG4 ag eagrú ceardlanna le painéal Scéalaithe Físe a fhorbairt, daoine a bheadh ábalta scéalta a chruthú agus a chur in eagar, ag úsáid fón póca, le foilsiú ar ardáin shóisialta TG4, Molscéal agus BLOC ina measc.
Má tá cumas scéalaíochta ionat agus fonn ort scileanna MOJO a fhoghlaim, déan teagmháil linn.
We need your consent to load this Facebook contentWe use Facebook to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Beidh na ceardlanna á reáchtáil le linn na Márta. Ar an chúrsa, tabharfar léargas ar conas scéalta a aimsiú agus a insint go físiúil mar aon le scileanna Mojo (pacáistí a chur le chéile ag úsáid fón cliste). Beidh na seisiúin traenála seo faoi stiúir Glen Mulcahy, stiúrthóir Titanium Media agus bunaitheoir Mojocon agus Seán Mac an tSíthigh; iriseoir físe le Nuacht TG4.

Is deis iontach í seo do dhaoine a bheadh ag tosú san earnáil Físe, nó do dhaoine atá gníomhach ag riaradh nó páirteach in ócáidí Pobail. Bheadh fáilte ar leith roimh dhaoine atá lonnaithe sna Gaeltachtaí nó atá gníomhach i bpobail Ghaeilge.
Le hiarratas a dhéanamh, seol chugainn cuntas gearr ort féin, mar aon le scéal físe nóiméad go leith (1’30") ar fad faoi aon ábhar spéise atá agat.
Seol isteach an mhír chuig: eolas@tg4.ie
Spriocdáta le iarratas a dhéanamh ar an cheardlann: Dé Céadaoin 21/02/18.