skip to main content

Éist siar le comórtas Sheáin Uí Riada

Ba é Keelan McGrath ó Bhoiríos Uí Chéin i dTiobraid Árann a thug leis Bonn Óir Seán Ó Riada oíche Dé hAoine in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh.  Tá Keelan 16, agus tá sé ar an té is óige riamh a bhuaigh an bonn.

Tá Keelan san idirbhliain i gColáiste Pobail Bhoiríos Uí Chéin.  Tá ceathrar uilig sa teaghlach agus tá sé ar an duine is sine acu agus casann siad uilig ceol.  Casann a athair Brendan an bainseó freisin, ach ról tacaíochta atá ag a mháthair Regina a bhí ina theannta oíche Dé hAoine ag an gcomórtas.

Tá Keelan ag casadh ceoil ó bhí sé ocht mbliana d’aois, agus d’fhoghlaim sé a cheird ó Ned Kelly, fear a bhfuil sé an-bhuíoch dó go fóill as an méid a rinne sé dó. 

Seo an dara huair go raibh na huirlisí seo, consairtín agus bosca, i gceist sa chomórtas don Bhonn Óir agus cháiligh Keelan don chraobh an chéad uair freisin, gan é ach 12 bliain d’aois an uair sin. 

Peadar Ó Riada agus Keelan Mc Grath

Ní haon iontas é gur thug sé abhaile an duais Dé hAoine, mar tá go leor duaiseanna eile buaite aige le blianta anuas.  Orthu sin tá Craobh na hÉireann faoi 15 dhá bhliain i ndiaidh a chéile, agus an Chraobh faoi 18 anuraidh ag Fleadh Cheoil na hÉireann in Inis, an chéad bhliain dó a bheith san iomaíocht sa rannóg sin.

Bhain sé siar as Keelan nuair a chuala sé go raibh an duais buaite aige Dé hAoine, ach dúirt sé go raibh áthas an domhain air mar sin féin.  Dúirt a mháthair Regina go raibh sí thar a bheith bródúil as. 

Ní fada anios go mbeidh Keelan ag bualadh bóthair le taisteal go Luton, Shasana, áit a mbeidh sé ag casadh ag féile do Lá le Pádraig leis an ngrúpa Rigs and Jeels ó Thiobraid Árann.