Labhair Inni-k le Cearbhall Ó Síocháin ar An Cheárta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina singil nua, faoin seal a chaithi bPáras agus faoin saoirse a thugann ceol di í féin a chur in iúl.

Tá singil úr de chuid Inni-K 'Edges' le héisiú go luath, an chéad cheann ó eisíodh a halbam, The King Has Two Horses Ears agus deir sí go mbaineann an t-amhrán seo le gaol idir daoine, cé gur admhaigh sí go mbíonn drogall uirthi 'an iomarca' a mhíniú faoina gcuid amhrán.

Thagair Inni-K don saoirse atá i gceist le hamhrán a scríobh, rúin a scaoileadh agus cumarsáid a dhéanamh lena lucht éisteachta:

'Is iontach an chlaochlú don duine, rud b'fhéidir a bhí istigh nach raibh tú in ann a rá in aon slí eile a chur amach. Agus braithimse gur iontach an leigheas é sin.'

Ní i bhfoirm focal i gcónaí a bhíonn a dhéantar cumarsáid dar le hInni-K agus deir sí go bhfuil mothúcháin a scaoiltear sa cheol ar uairibh nach ndeirtear.

'Tagann rudaí amach nuair a bhíonn tú ag scríobh nó nuair a bhíonn tú ag amhránaíocht agus b'fhéidir nach i bhfoirm focal ach i bhfoirm ceoil nó an mothúchán a chur amach agus is dóigh liom go n-aithníonn daoine é sin, bíonn cumarsáid ann nach mbaineann le focail.' a dúirt sí. 

Craoltar An Cheárta ar an Domhnach idir 1.15 agus 2 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.