Labhair Ola Majekodunmi agus Aonghus Mac Lochainn le Bláthnaid Ní Chofaigh ar a clár, Bláthnaid Libh faoina bhfuil i gceist leis an bhfocal 'colourism'.
Dúirt Bláthnaid go raibh sé deacair uirthi teacht ar aistriúchán cruinn Gaeilge den fhocal mar nach bpléitear an t-ábhar go minic in Éirinn.
Luaigh Ola go bhfuil fréamhacha ag an téarma i dtréimhse na sclábhaíochta agus an tslí ar caitheadh níos fearr leo siúd a raibh craiceann níos éadroime orthu. Bhíodh 'pribhléid' orthu siúd agus deir Ola go bhfuil rianta fós ann don fhadhb i sochaí an lae inniu. Luann sí sampla comhaimseartha nuair a iarradh ar an gceoltóir Amara La Negra a cuid gruaige a athrú le go mbeadh sí níos cosúla le Beyoncé ná Macy Gray agus tréithe fisiciúla an duine bháin glactha aici.

Deir Ola go bhfuil ceangail ann idir coincheap na háilleachta agus craiceann geal agus go mbíonn daoine agus ach go háirithe mná ag streachailt leis an tslí a chuirtear iad os comhair an domhain mhóir. Deir sí gur minic a úsáidtear tróp den bhean dhubh mar 'angry black woman' i scannáin Hollywood agus nach ndéantar forbairt fhiúntach ar a gcuid carachtar.
Craoltar Bláthnaid Libh maidin Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11 agus 12.