skip to main content

'Tá sé go maith don mhisneach': Láithreoir TradFest ar Bhliain na Gaeilge

Is í an t-amhránaí agus ceoltóir as Cluain Tarbh, Doireann Ní Ghlacáin a chuirfidh TradFest ar TG4 i láthair i mbliana. Labhair sí linn faoin 'melting pot' ceoil  atá i mBaile Átha Cliath agus faoin misneach a thugann Bliain na Gaeilge dá macasamhail féin a d'fhás aníos le Gaeilge.

Deir Doireann go bhfuil an fhéile agus an clár ag déanamh ráitis futhu siúd atá ag cur futhu i mBaile Átha Cliath agus baint acu le cultúr agus teanga na tíre. 

Luann sí an rogha a dhéanann daoine an saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus go bhfuil Bliain na Gaeilge mar ábhar misnigh dóibh siúd a dhéanann an rogha sin. 

Doireann Ní Ghlacáin, Láithreoir TradFest.

Beidh an clár le feiceáil níos déanaí sa bhliain ar TG4.

Tá TradFest ar siúl faoi láthair. Gach eolas anseo